2. Faoin 30 Meitheamh 2020, agus aird á tabhairt ar an gcleachtas reatha, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil an Chlárlann chun comhoibriú le EUIPO agus le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus ar conas a dhéanfar an comhoibriú sin, d'fhonn clárúcháin amhantracha agus mhí-úsáideacha ainmneacha fearainn a chomhrac, agus i dtaobh an bhfuil nósanna imeachta simplí riaracháin le cur ar fáil, go háirithe i dtaca le FBManna, agus ar conas a chuirfear iad ar fáil. Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh beart a mholadh i dtaca leis an méid sin, más gá.