|
+Airteagal 2 1. |
Airteagal 2 1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na mótarfheithiclí seo a leanas:
(a)
catagóir M1 mar a shainmhínítear í in ►M5 Airteagal 4(1), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2018/858 ◄ (“gluaisteáin paisinéirí”) ar mótarfheithiclí iad a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (“gluaisteáin nua paisinéirí”);
(b)
catagóir N1 mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2018/858 agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (“feithiclí tráchtála éadroma”), a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (“feithiclí tráchtála éadroma nua”); i gcás na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ó chatagóir N ar mó a mais tagartha ná 2 610 kg nó 2 840 kg, de réir mar a bheidh, déanfar iad a chomhaireamh, ón 1 Eanáir 2025, chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar do Rialachán (AE) 2018/858 ná do Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, mar fheithiclí tráchtála éadroma atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo más de thoradh mhais an chórais stórála fuinnimh, agus dá thoradh sin amháin, an mhais tagartha iomarcach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|