+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.
---+Airteagal 2 4.

Airteagal 2 Raon feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 1.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na mótarfheithiclí seo a leanas:

(a) 

catagóir M1 mar a shainmhínítear í in ►M5  Airteagal 4(1), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2018/858 ◄ (“gluaisteáin paisinéirí”) ar mótarfheithiclí iad a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (“gluaisteáin nua paisinéirí”);

▼M5

(b) 

catagóir N1 mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2018/858 agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (“feithiclí tráchtála éadroma”), a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (“feithiclí tráchtála éadroma nua”); i gcás na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ó chatagóir N ar mó a mais tagartha ná 2 610  kg nó 2 840  kg, de réir mar a bheidh, déanfar iad a chomhaireamh, ón 1 Eanáir 2025, chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar do Rialachán (AE) 2018/858 ná do Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, mar fheithiclí tráchtála éadroma atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo más de thoradh mhais an chórais stórála fuinnimh, agus dá thoradh sin amháin, an mhais tagartha iomarcach.

▼B

Airteagal 2 2.
Ní dhéanfar clárú roimhe sin, arna dhéanamh lasmuigh den Aontas tráth nach faide ná 3 mhí roimh chlárú san Aontas, a chur san áireamh.
Airteagal 2 3.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí sainchuspóra mar a shainmhínítear iad i ►M5  Cuid A, pointe 5, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ◄ .
Airteagal 2 4.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4, pointí (b) agus (c) d'Airteagal 7(4), Airteagal 8 ná pointí (a) agus (c) d'Airteagal 9(1) maidir le monaróir atá, in éineacht leis na gnóthais uile atá nasctha leis, freagrach as níos lú ná 1 000  gluaisteán paisinéirí nua nó níos lú ná 1 000  feithicil tráchtála éadrom nua a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin, ach amháin má dhéanann an monaróir sin iarratas ar mhaolú agus má dheonaítear maolú dó i gcomhréir le hAirteagal 10.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.