|
+Airteagal 3 1. |
Airteagal 3 1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe i Rialachán (AE) 2018/858. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:
(a)
ciallaíonn “na meánastaíochtaí sonracha CO2”, i ndáil le monaróir, meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 ó na gluaisteáin nua paisinéirí uile nó ó na feithiclí tráchtála éadroma nua uile arb é an monaróir sin a monaróir; ▼M5 —————
(h)
ciallaíonn “astaíochtaí sonracha CO2” na hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteán paisinéirí nó ó fheithicil tráchtála éadrom, arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus lena Rialacháin Cur Chun Feidhme agus arna sonrú mar ollastaíochtaí CO2 (comhcheangailte) ar dheimhniú comhréireachta na feithicle. I gcás gluaisteán paisinéirí nó feithiclí tráchtála éadroma nach ndéantar cineálcheadú ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, ciallaíonn “astaíochtaí sonracha CO2” na hastaíochtaí CO2 arna dtomhas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, go háirithe i gcomhréir leis an nós imeachta céanna tomhais a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 go dtí an 31 Nollaig 2020, agus i Rialachán (AE) 2017/1151 ón 1 Eanáir 2021, nó i gcomhréir le nósanna imeachta arna nglacadh ag an gCoimisiún chun na hastaíochtaí CO2 a bhunú do na feithiclí sin; ▼M5 —————
(j)
ciallaíonn “sprioc i leith astaíochtaí sonracha”, i ndáil leis an monaróir, an sprioc bhliantúil arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir i gcomhréir le hAirteagal 10, an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh de réir an mhaolaithe sin;
(k)
ciallaíonn “sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais” meánastaíochtaí CO2 na ngluaisteán nua paisinéirí uile nó na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile atá le baint amach le linn tréimhse áirithe;
(l)
ciallaíonn “mais tástála” nó “TM” mais tástála gluaisteáin paisinéirí nó feithicle tráchtála éadroime mar atá sa deimhniú comhréireachta agus mar a shainmhínítear i bpointe 3.2.25 d'Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151;
(m)
ciallaíonn “feithicil astaíochtaí nialasacha agus ísle” gluaisteán paisinéirí nó feithicil tráchtála éadrom a mbíonn astaíochtaí sceite aici sa réimse nialas go 50 g CO2/km, arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151. ▼M5 ————— 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|