|
+Airteagal 3 2. |
Airteagal 3 2.Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “grúpa monaróirí bainteacha” monaróir agus a ghnóthais bhainteacha. Ciallaíonn 'gnóthais bhainteacha', i ndáil le monaróir:
(a)
gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, go díreach nó go neamhdhíreach:
(i)
an chumhacht níos mó ná an leathchuid de na cearta vótála a fheidhmiú; nó
(ii)
an chumhacht níos mó ná an leathchuid de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó na gcomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas a cheapadh; nó
(iii)
an ceart gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;
(b)
gnóthais a shealbhaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, cearta nó cumhachtaí ar an monaróir arb iad na cearta nó na cumhachtaí iad dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)
gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b), go díreach nó go neamhdhíreach, na cearta nó na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (a);
(d)
gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, i dteannta ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c), nó ina sealbhaíonn dhá ghnóthas nó níos mó de na gnóthais sin dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c), go comhpháirteach na cearta nó na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (a);
(e)
gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) ar seilbh go comhpháirteach ag an monaróir nó ag ceann amháin nó níos mó dá ghnóthais bhainteacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus ag tríú páirtí amháin nó níos mó. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|