+Airteagal 6 Díorma a dhéanamh
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.
---+Airteagal 6 8.

Airteagal 6 Díorma a dhéanamh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Féadfaidh monaróirí, seachas monaróirí a mbeidh maolú deonaithe dóibh faoi Airteagal 10, díorma a dhéanamh chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4 a chomhlíonadh.
Airteagal 6 2.

Féadfaidh comhaontú chun díorma a dhéanamh baint a bheith aige le haon bhliain féilire amháin nó níos mó ar choinníoll nach faide ná 5 bliana féilire ré fhoriomlán gach comhaontaithe ar leith agus déanfar é an 31 Nollaig nó roimhe sa chéad bhliain féilire a bhfuil bailiú astaíochtaí le déanamh ina leith. Maidir le monaróirí a dhéanann díorma, soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún:

(a) 

na monaróirí a áireofar sa díorma;

(b) 

an monaróir atá ainmnithe mar bhainisteoir an díorma agus a bheidh mar phointe teagmhála don díorma agus a bheidh freagrach as aon phréimh astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an díorma i gcomhréir le hAirteagal 8 a íoc;

(c) 

fianaise go mbeidh bainisteoir an díorma in ann na hoibleagáidí faoi phointe (b) a chomhlíonadh;

(d) 

catagóir na bhfeithiclí a chláraítear mar M1 nó N1, a mbeidh feidhm ag an díorma maidir leo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir le comhaontú chun díorma a dhéanamh lena gcumhdaítear an bhliain féilire 2025 nó 2026, féadfar comhaontú den sórt sin a dhéanamh suas go dtí an 31 Nollaig 2027.

Airteagal 6 3.
I gcás ina mainneoidh bainisteoir ainmnithe an díorma an ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le haon phréimh astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an díorma i gcomhréir le hAirteagal 8 a íoc, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do na monaróirí.
Airteagal 6 4.
Déanfaidh na monaróirí a áirítear i ndíorma fógra comhpháirteach a thabhairt don Choimisiún maidir le haon athrú bainisteora díorma nó maidir le haon athrú ar a stádas airgeadais, a mhéid a dhéanfaidh sé sin difear dá chumas an ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le haon phréimh astaíochtaí iomarcacha, a fhorchuirtear ar an díorma i gcomhréir le hAirteagal 8, a íoc, agus maidir le haon athruithe ar chomhaltas an díorma nó maidir le díscaoileadh an díorma.
Airteagal 6 5.

Féadfaidh monaróirí socruithe díorma a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil a gcomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 CFAE agus go gceadófar leis na comhaontuithe sin rannpháirtíocht oscailte, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar théarmaí atá réasúnach ar bhonn tráchtála d'aon mhonaróir a iarrann a bheith ina chomhalta den díorma. Gan dochar d'infheidhmeacht ghinearálta rialacha iomaíochta an Aontais maidir le díormaí den sórt sin, áiritheoidh comhaltaí uile de chuid díorma, go háirithe, nach bhféadfaidh comhroinnt sonraí ná malartú faisnéise tarlú i gcomhthéacs a socraithe díorma, ach amháin i leith na faisnéise seo a leanas:

(a) 

na meánastaíochtaí sonracha CO2;

(b) 

an sprioc i leith astaíochtaí sonracha;

(c) 

líon iomlán na bhfeithiclí atá cláraithe.

Airteagal 6 6.
Ní bheidh feidhm ag mír 5 i gcás inar cuid den ghrúpa céanna monaróirí bainteacha iad na monaróirí go léir a áirítear sa díorma.
Airteagal 6 7.
Ach amháin i gcás ina dtugtar fógra faoi mhír 3 den Airteagal seo, measfar, maidir leis na monaróirí atá i ndíorma a ndéantar faisnéis ina leith a sholáthar don Choimisiún, gur monaróir amháin iad chun críocha chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4. Déanfar an fhaisnéis faireacháin agus tuairiscithe i leith monaróirí aonair, agus i leith aon díormaí chomh maith, a thaifeadadh agus a thuairisciú, agus cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, sa chlár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 7(4).
Airteagal 6 8.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na coinníollacha mionsonraithe a shonrú a mbeidh feidhm acu maidir le socrú i dtaca le díorma a dhéanamh arna bhunú de bhun mhír 5 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.