+Airteagal 7 Faireachán agus tuairisciú ar na meánastaíochtaí
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 6a.
---+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 7 8.
---+Airteagal 7 9.
|
Airteagal 7 Faireachán agus tuairisciú ar na meánastaíochtaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
I gcás gach bliana féilire, déanfaidh gach Ballstát faisnéis faoi gach aon ghluaisteán nua paisinéirí agus gach aon fheithicil tráchtála éadrom nua a chláraítear ar a chríoch i gcomhréir le Codanna A d'Iarscríbhinn II agus d'Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a thaifeadadh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na monaróirí agus dá n-allmhaireoirí ainmnithe nó dá n-ionadaithe ainmnithe i ngach Ballstát. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall lena áirithiú go n-oibreoidh na comhlachtaí tuairiscithe ar mhodh trédhearcach. Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí nach ndearnadh cineálcheadú ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a thomhas agus go ndéanfar na hastaíochtaí sin a thaifeadadh sa deimhniú comhréireachta.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Faoin 28 Feabhra gach bliain, cinnfidh gach Ballstát an fhaisnéis atá liostaithe i gCodanna A d'Iarscríbhinn II agus d'Iarscríbhinn III maidir leis an mbliain féilire roimhe sin agus tarchuirfidh sé chuig an gCoimisiún í. Déanfar na sonraí a tharchur i gcomhréir leis an bhformáid atá sonraithe i gCuid B d'Iarscríbhinn II agus Cuid C d'Iarscríbhinn III.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh Ballstát an tacar iomlán sonraí arna mbailiú de bhun mhír 1 a tharchur freisin.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Coimeádfaidh an Coimisiún clár lárnach de na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit faoin Airteagal seo agus déanfaidh sé, faoin 30 Meitheamh gach bliain an méid seo a leanas a ríomh go sealadach i gcomhair gach monaróra:
(a)
na meánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin;
(b)
an sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain féilire roimhe sin;
(c)
an difríocht idir meán a astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain sin.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach aon mhonaróir faoina ríomh sealadach don mhonaróir sin. Áireofar san fhógra sonraí le haghaidh gach Ballstáit maidir le líon na ngluaisteán nua paisinéirí agus líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a cláraíodh agus maidir lena n-astaíochtaí sonracha CO2. Beidh an clár ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Laistigh de 3 mhí ón dáta a dtugtar fógra dóibh faoin ríomh sealadach faoi mhír 4, féadfaidh monaróirí fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon earráidí sna sonraí agus sonróidh siad an Ballstát a measann siad gur tharla an earráid ann. Déanfaidh an Coimisiún aon fhógraí a gheofar ó mhonaróirí a bhreithniú agus déanfaidh sé, faoin 31 Deireadh Fómhair, na ríomhanna sealadacha faoi mhír 4 a dhaingniú nó a leasú.
|
|
Airteagal 7 6.
|
Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil chun na sonraí faireacháin a bhailiú agus a chur in iúl i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh siad an Coimisiún a chur ar an eolas faoin údarás inniúil a ainmnítear. Áiritheoidh na húdaráis inniúla ainmnithe go mbeidh na sonraí a tharchuirfear chuig an gCoimisiún cruinn agus iomlán agus soláthróidh siad pointe teagmhála atá le bheith ar fáil chun freagairt go tapa ar iarrataí ón gCoimisiún dul i ngleic le hearráidí agus easnaimh sna tacair sonraí arna dtarchur.
|
|
Airteagal 7 6a.
|
I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil na sonraí sealadacha a chuir na Ballstáit isteach i gcomhréir le mír 2, nó go bhfuil na sonraí, ar thug na monaróirí fógra ina leith, i gcomhréir le mír 5, bunaithe ar shonraí míchearta sna doiciméid chineálcheadaithe nó sna deimhnithe comhréireachta, cuirfidh an Coimisiún an t-údarás cineálcheadaithe nó, i gcás inarb infheidhme, an monaróir ar an eolas faoi agus iarrfaidh sé ar an údarás cineálcheadaithe nó, i gcás inarb infheidhme, ar an monaróir, ráiteas ceartúcháin a eisiúint lena sonrófar na sonraí ceartaithe. Tarchuirfear an ráiteas ceartúcháin chuig an gCoimisiún agus úsáidfear na sonraí ceartaithe chun na ríomhanna sealadacha faoi mhír 4 a leasú.
|
|
Airteagal 7 7.
|
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí faoi mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo, agus maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinní II agus III. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).
|
|
Airteagal 7 8.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na ceanglais sonraí agus paraiméadair sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a leasú.
|
|
Airteagal 7 9.
|
Tabharfaidh na húdaráis cineálcheadaithe tuairisc don Choimisiún gan mhoill i dtaca le neamhréireachtaí a aimsítear in astaíochtaí CO2 feithiclí inseirbhíse i gcomparáid leis na hastaíochtaí sonracha CO2 luachanna sin a luaitear sna deimhnithe comhréireachta de thoradh fíoruithe arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13. Cuirfidh an Coimisiún na neamhréireachtaí sin san áireamh chun críche meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta chun na neamhréireachtaí sin a thuairisciú agus chun iad a chur san áireamh i ríomh na meánastaíochtaí sonracha CO2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|