+Airteagal 8 Préimh astaíochtaí iomarcacha
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
|
Airteagal 8 Préimh astaíochtaí iomarcacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
I gcás gach bliain féilire, forchuirfidh an Coimisiún préimh astaíochtaí iomarcacha ar mhonaróir nó ar bhainisteoir díorma, de réir mar is iomchuí, i gcás ina dtéann meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i leith na mblianta féilire 2025 go 2027, forchuirfidh an Coimisiún préimh astaíochtaí iomarcacha ar aon mhonaróir a sáraíonn a mheánastaíochtaí sonracha CO2 i gcaitheamh na 3 bliana sin a sprioc i leith astaíochtaí sonracha i gcaitheamh na tréimhse 2025 go 2027.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Maidir leis an bpréimh astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 1, ríomhfar í de réir na foirmle seo a leanas:
(Astaíochtaí iomarcacha × EUR 95) × líon na bhfeithiclí nuachláraithe.
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
—
ciallaíonn 'astaíochtaí iomarcacha' an líon deimhneach gram in aghaidh an chiliméadair ar dá réir a chuaigh meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra, agus laghduithe astaíochtaí CO2 de thoradh theicneolaíochtaí nuálacha formheasta i gcomhréir le hAirteagal 11 á gcur san áireamh, thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain féilire nó sa chuid di a bhfuil feidhm ag an oibleagáid faoi Airteagal 4 maidir léi, agus an líon sin á chothromú go dtí na trí ionad dheachúla is gaire, agus
—
ciallaíonn 'líon na bhfeithiclí nuachláraithe' líon na ngluaisteán nua paisinéirí nó líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua arna ríomh ar leithligh arb é an monaróir sin a monaróir agus a cláraíodh sa tréimhse sin de réir na gcritéar maidir le céimniú isteach a leagtar amach in Airteagal 4(3).
|
|
Airteagal 8 3.
|
Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na modhanna maidir le préimheanna astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear faoi mhír 1 den Airteagal seo a bhailiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).
|
|
Airteagal 8 4.
|
Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|