|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Measfar coigiltis CO2 a baineadh amach trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha nó as cumasc teicneolaíochtaí nuálacha (“pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha”) i gcás ina gcuireann soláthraí nó monaróir iarratas isteach air sin. Ní chuirfear teicneolaíochtaí den sórt sin san áireamh ach amháin má tá an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh orthu in ann torthaí infhíoraithe, in-athdhéanta agus inchomparáide a tháirgeadh. Féadfaidh suas leis an méid seo a leanas a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra:
—
7 g CO2/km go dtí 2024;
—
6 g CO2/km ó 2025 go dtí 2029;
—
4 g CO2/km ó 2030 go dtí 2034 agus an bhliain sin san áireamh.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a leasú chun luachanna na huasteorann dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a choigeartú síos le héifeacht ó 2025 amach chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh agus, san am céanna, chun a áirithiú go mbeidh cion cothrom de leibhéal na huasteorann sin ann maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 na monaróirí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|