+Airteagal 11 Éiceanuálaíocht
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.

Airteagal 11 Éiceanuálaíocht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Measfar coigiltis CO2 a baineadh amach trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha nó as cumasc teicneolaíochtaí nuálacha (“pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha”) i gcás ina gcuireann soláthraí nó monaróir iarratas isteach air sin.

Ní chuirfear teicneolaíochtaí den sórt sin san áireamh ach amháin má tá an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh orthu in ann torthaí infhíoraithe, in-athdhéanta agus inchomparáide a tháirgeadh.

Féadfaidh suas leis an méid seo a leanas a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra:

— 
7 g CO2/km go dtí 2024;
— 
6 g CO2/km ó 2025 go dtí 2029;
— 
4 g CO2/km ó 2030 go dtí 2034 agus an bhliain sin san áireamh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a leasú chun luachanna na huasteorann dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a choigeartú síos le héifeacht ó 2025 amach chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh agus, san am céanna, chun a áirithiú go mbeidh cion cothrom de leibhéal na huasteorann sin ann maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 na monaróirí.

Airteagal 11 2.

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe maidir le nós imeachta chun na teicneolaíochtaí nuálacha nó na pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhormheas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Beidh na forálacha mionsonraithe sin bunaithe ar na critéir seo a leanas le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha:

(a) 

ní mór don soláthróir nó don mhonaróir a bheith cuntasach as coigiltis CO2 a bhaintear amach trí theicneolaíochtaí nuálacha a úsáid;

(b) 

ní mór rannchuidiú fíoraithe maidir le laghdú CO2 a bheith ann mar thoradh ar na teicneolaíochtaí nuálacha;

(c) 

níor cheart na teicneolaíochtaí nuálacha a bheith faoi chumhdach an timthrialla chaighdeánaigh tástála chun CO2 a thomhas;

(d) 

maidir leis na teicneolaíochtaí nuálacha, caithfidh sé:

(i) 

nach gcumhdaítear iad le forálacha éigeantacha de bharr bearta comhlántacha breise a bheith ann a chomhlíonann an laghdú 10 g CO2/km dá dtagraítear in Airteagal 1(3), nó

(ii) 

nach bhfuil siad éigeantach faoi fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais.

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, ní bheidh feidhm ag an gcritéar dá dtagraítear i bpointe(d)(i) den chéad fhomhír i dtaca le feabhsuithe éifeachtúlachta le haghaidh córais aerchóiriúcháin.

Airteagal 11 3.
Maidir le soláthróir nó monaróir a dhéanfaidh iarratas go bhformheasfaí beart mar theicneolaíocht nuálach nó mar phacáiste teicneolaíochtaí nuálacha, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear tuarascáil fíorúcháin a dhéanfaidh comhlacht neamhspleách deimhnithe. I gcás ina bhféadfadh idirghníomhaíocht a bheith ann idir an beart sin agus teicneolaíocht nuálach eile nó pacáiste teicneolaíochtaí nuálacha eile a formheasadh roimhe seo, luafar an idirghníomhaíocht sin sa tuarascáil agus déanfar meastóireacht sa tuarascáil fíorúcháin ar a mhéid a mhodhnaíonn an idirghníomhaíocht sin an laghdú a bhaintear amach le gach beart ar leith.
Airteagal 11 4.
Déanfaidh an Coimisiún an laghdú a bhaintear amach a fhianú ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i mír 2.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.