|
+Airteagal 12 2. |
Airteagal 12 2.Chun na críche dá dtagraítear i mír 1, ag tosú ón 1 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún, maidir leis na paraiméadair seo a leanas a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus le fíor-ídiú breosla nó fuinnimh ag gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, a áirithiú go gcuirfidh na monaróirí agus na húdaráis náisiúnta ar fáil iad go tráthrialta ón 1 Eanáir 2021 amach nó go gcuirfear ar fáil iad trí aistriú díreach sonraí ó fheithiclí, de réir mar a bheidh:
(a)
uimhir aitheantais na feithicle;
(b)
ídiú breosla agus/nó ídiú fuinnimh leictrigh;
(c)
an fad iomlán a thaistealaítear;
(d)
i gcás feithiclí leictreacha hibrideacha (in-athluchtaithe), an breosla agus an fuinneamh leictreach a ídíodh agus an fad a taistealaíodh arna dháileadh i measc na modhanna tiomána éagsúla;
(e)
paraiméadair eile a bhfuil gá leo chun a áirithiú gur féidir na hoibleagáidí arna leagan amach i mír 1 a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna bhfáil a phróiseáil faoin gcéad fhomhír chun tacair sonraí anaithnidithe chomhiomlánaithe a chruthú, lena n-áirítear in aghaidh an mhonaróra, chun críocha mhír 1. Ní bhainfear úsáid as uimhreacha aitheantais na bhfeithiclí ach chun críocha na próiseála sonraí sin agus ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun na críche sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|