+Airteagal 12 Fíorastaíochtaí CO2agus fíor-ídiú breosla fuinnimh
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.

Airteagal 12 Fíorastaíochtaí CO2agus fíor-ídiú breosla fuinnimh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar a ionadaíche atá luachanna na bhfíor-astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla nó fuinnimh arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 715/2007.

Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún bailiú tráthrialta ar shonraí maidir le fíorastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla nó fuinnimh gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a úsáideann feistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, ag tosú le gluaisteáin phaisinéirí nua agus feithiclí tráchtála éadroma nua arna gclárú in 2021.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an pobal ar an eolas faoi aon fhorbairt a thagann ar an fior-ionadaíochas sin le himeacht ama.

Airteagal 12 2.

Chun na críche dá dtagraítear i mír 1, ag tosú ón 1 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún, maidir leis na paraiméadair seo a leanas a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus le fíor-ídiú breosla nó fuinnimh ag gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, a áirithiú go gcuirfidh na monaróirí agus na húdaráis náisiúnta ar fáil iad go tráthrialta ón 1 Eanáir 2021 amach nó go gcuirfear ar fáil iad trí aistriú díreach sonraí ó fheithiclí, de réir mar a bheidh:

(a) 

uimhir aitheantais na feithicle;

(b) 

ídiú breosla agus/nó ídiú fuinnimh leictrigh;

(c) 

an fad iomlán a thaistealaítear;

(d) 

i gcás feithiclí leictreacha hibrideacha (in-athluchtaithe), an breosla agus an fuinneamh leictreach a ídíodh agus an fad a taistealaíodh arna dháileadh i measc na modhanna tiomána éagsúla;

(e) 

paraiméadair eile a bhfuil gá leo chun a áirithiú gur féidir na hoibleagáidí arna leagan amach i mír 1 a bhaint amach.

Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna bhfáil a phróiseáil faoin gcéad fhomhír chun tacair sonraí anaithnidithe chomhiomlánaithe a chruthú, lena n-áirítear in aghaidh an mhonaróra, chun críocha mhír 1. Ní bhainfear úsáid as uimhreacha aitheantais na bhfeithiclí ach chun críocha na próiseála sonraí sin agus ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun na críche sin.

Airteagal 12 3.
Chun cosc a chur ar fhás bhearna na bhfíorastaíochtaí, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2023, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le fíorídiú breosla agus fuinnimh arna mbailiú de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún ( 2 ) a úsáid chun a áirithiú go mbeidh luachanna astaíochtaí CO2 agus luachanna ídithe breosla nó fuinnimh na feithicle arna gcinneadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ionadaíoch i gcónaí ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú bliantúil ar an gcaoi a bhforbróidh an bhearna dá dtagraítear sa chéad fhomhír ó 2021 ar aghaidh agus déanfaidh sé, a luaithe a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil, agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026, tuarascáil a fhoilsiú ina leagfar amach modheolaíocht le haghaidh sásra chun coigeartú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra amhail ó 2030 agus úsáid á baint as fíorshonraí arna mbailiú de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392, agus ina ndéanfar measúnú ar indéantacht sásra den sórt sin.

Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, moltaí do bhearta leantacha, amhail tograí reachtacha, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun sásra den sórt sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 12 4.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an nós imeachta mionsonraithe a ghlacadh chun na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú agus a phróiseáil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.