|
+Airteagal 14 1. |
Airteagal 14 1.Déanfar luachanna M0 agus TM0 dá dtagraítear i gCuid A agus i gCuid B d'Iarscríbhinn I a choigeartú mar a leanas:
(a)
faoin 31 Deireadh Fómhair 2020, déanfar luach M0 i bpointe 4 de Chuid A d'Iarscríbhinn I a choigeartú go dtí meánmhais na ngluaisteán nua paisinéirí uile i riocht feidhmithe a chláraítear i 2017, 2018 agus 2019. Beidh feidhm ag an luach nua M0 sin ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2024;
(b)
faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, déanfar luach M0 i bpointe4 de Chuid B d'Iarscríbhinn I a choigeartú go dtí meánmhais na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile i riocht feidhmithe a chláraítear i 2019, 2020 agus 2021. Beidh feidhm ag an luach M0 nua sin in 2024;
(c)
faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, cinnfear an luach TM0 táscach le haghaidh 2025 mar mheánmhais tástála na ngluaisteán nua paisinéirí uile agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile faoi seach a chláraítear in 2021;
(d)
faoin 31 Deireadh Fómhair 2024, agus gach dara bliain ina dhiaidh sin, déanfar luach TM0 i bpointe 6.2 de Chodanna A agus B d'Iarscríbhinn I a choigeartú go dtí meánmhais tástála na ngluaisteán nua paisinéirí uile agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile faoi seach a cláraítear sa dá bhliain féilire roimhe sin, ó 2022 agus 2023 amach. Beidh feidhm ag na luachanna TM0 nua amhail ón 1 Eanáir den bhliain féilire tar éis dháta an choigeartaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|