Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun
►M5
Airteagal 7(8), Airteagal 7a(2), Airteagal 10(8), Airteagal 11(1), an ceathrú fomhír, Airteagal 13(4), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(8) agus (9)
◄ i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.