+TEIDEAL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
---+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
|
TEIDEAL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
|
|
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
|
Airteagal 2
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “cibearshlándáil” na gníomhaíochtaí go léir is gá chun córais gréasán agus faisnéise, úsáideoirí na gcóras sin, agus daoine eile dá ndéantar difear a chosaint ar chibearbhagairtí;
(2)
ciallaíonn “córas gréasán agus faisnéise” córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) Uimh. 2016/1148;
(3)
ciallaíonn “straitéis náisiúnta um shlándáil córas gréasán agus faisnéise” straitéis náisiúnta um shlándáil córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear í i bpointe (3) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) Uimh. 2016/1148;
(4)
ciallaíonn “oibreoir seirbhísí riachtanacha” oibreoir seirbhísí riachtanacha mar a shainmhínítear é i bpointe (4) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) Uimh. 2016/1148;
(5)
ciallaíonn “soláthraí seirbhíse digití” soláthraí seirbhíse digití mar a shainmhínítear é i bpointe (6) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1148;
(6)
ciallaíonn “teagmhas” teagmhas mar a shainmhínítear é i bpointe (7) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) Uimh. 2016/1148;
(7)
ciallaíonn “láimhseáil teagmhas” láimhseáil teagmhas mar a shainmhínítear í i bpointe (8) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) Uimh. 2016/1148;
(8)
ciallaíonn “cibearbhagairt” aon chúinse nó teagmhas a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh, cur isteach ar, nó tionchar díobhálach eile a bheith aige ar chórais gréasán agus faisnéise, ar úsáideoirí na gcóras sin agus ar dhaoine eile lena mbaineann;
▼M1
(9)
ciallaíonn “scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála” tacar cuimsitheach rialacha, ceanglas teicniúil, caighdeán agus nósanna imeachta a bhunaítear ar leibhéal an Aontais agus a bhfuil feidhm acu maidir le deimhniú táirgí TFC sonracha, seirbhísí TFC sonracha, próiseas TFC sonrach nó seirbhísí slándála bainistithe sonracha nó leis an measúnú comhréireachta orthu;
(10)
ciallaíonn “scéim náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála” tacar cuimsitheach rialacha, ceanglas teicniúil, caighdeán agus nósanna imeachta a fhorbraíonn agus a ghlacann údarás poiblí náisiúnta agus a bhfuil feidhm acu maidir le deimhniú táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe a thagann faoi raon feidhme na scéime sonraí nó leis an measúnú comhréireachta orthu;
(11)
ciallaíonn “deimhniú Eorpach cibearshlándála” doiciméad a eisíonn comhlacht ábhartha lena bhfianaítear go bhfuiltear tar éis meastóireacht a dhéanamh ar tháirge TFC ar leith, seirbhís TFC ar leith, próiseas TFC ar leith nó seirbhís slándála bhainistithe ar leith maidir le comhlíonadh na gceanglas slándála sonrach a leagtar síos i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;
▼B
(12)
ciallaíonn “táirge TFC” eilimint nó grúpa eilimintí de chóras gréasán nó faisnéise;
(13)
ciallaíonn “seirbhís TFC” seirbhís lena ndéantar, go hiomlán nó go páirteach, traschur, stóráil, aisghabháil nó próiseáil ar fhaisnéis trí bhíthin córais gréasán agus faisnéise;
(14)
ciallaíonn “próiseas TFC” sraith gníomhaíochtaí a dhéantar chun táirge TFC nó seirbhís TFC a dhearadh, a fhorbairt, a sheachadadh agus a chothabháil;
▼M1
(14a)
ciallaíonn “seirbhís slándála bhainistithe” seirbhís a sholáthraítear do thríú páirtí arb é atá i gceist léi gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca cibearshlándála a dhéanamh, nó cúnamh a thabhairt dóibh, amhail láimhseáil teagmhas, tástáil treáite, iniúchtaí slándála agus comhairliúchán, lena n-áirítear comhairle ó shaineolaithe, a bhaineann le tacaíocht theicniúil;
▼B
(15)
ciallaíonn “creidiúnú” creidiúnú mar atá sainmhínithe i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
(16)
ciallaíonn “comhlacht creidiúnaithe náisiúnta” comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a shainmhínítear é i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
(17)
ciallaíonn “measúnú comhréireachta” measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear i bpointe (12) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
(18)
ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear i bpointe (13) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
(19)
ciallaíonn “caighdeán” caighdeán mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
▼M1
(20)
ciallaíonn “sonraíocht theicniúil” doiciméad lena bhforordaítear na ceanglais theicniúla nach mór do tháirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC nó seirbhís slándála bhainistithe a chomhlíonadh, nó nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bhaineann leis an méid sin;
(21)
ciallaíonn “leibhéal dearbhúcháin” bonn don mhuinín go gcomhlíontar ceanglais slándála de scéim Eorpach shonrach um dheimhniú cibearshlándála le táirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC nó seirbhís slándála bhainistithe, agus lena luaitear an leibhéal ag a ndearnadh meastóireacht ar tháirge TFC, seirbhís TFC, próiseas TFC nó seirbhís slándála bhainistithe ach, mar sin, nach ndéantar leis slándáil an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC nó na seirbhíse slándála bainistithe lena mbaineann a thomhas;
(22)
ciallaíonn “féinmheasúnú comhréireachta” gníomhaíocht a dhéanann monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe, lena ndéantar meastóireacht ar cibé an bhfuil na ceanglais i scéim Eorpach shonrach um dheimhniú cibearshlándála á gcomhlíonadh leis na táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe sin.
▼B
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|