|
+Airteagal 7 4. |
Airteagal 7 4.Tacóidh ENISA le Ballstáit i gcomhar oibríochtúil laistigh de líonra CSIRTanna trí:
(a)
comhairle a thabhairt maidir le feabhas a chur ar a cumais teagmhais a chosc, a bhrath agus freagairt do theagmhais agus, arna iarraidh do Bhallstát amháin nó níos mó, comhairle a sholáthar i ndáil le cibearbhagairt shonrach;
(b)
cabhrú, arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit, leis an measúnú ar theagmhais a imríonn tionchar suntasach nó substaintiúil trí shaineolas a chur ar fáil agus trí láimhseáil theicniúil teagmhas den sórt sin a éascú, go háirithe trí thacú le comhroinnt dheonach faisnéise ábhartha agus réiteach teicniúil idir na Ballstáit;
(c)
anailís a dhéanamh ar leochaileachtaí agus ar theagmhais, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil go poiblí nó ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit ar fáil go deonach chun na críche sin; agus
(d)
arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit, tacaíocht a sholáthar i ndáil le fiosrúcháin theicniúla ex post ar theagmhais a fhágann lorg suaithinseach nó suntasach, de réir bhrí Threoir (AE) 2016/1148. Agus na cúraimí sin á ndéanamh acu, rachaidh ENISA agus CERT-EU i mbun comhar struchtúrach d’fhonn tairbhe a bhaint as sineirgíochtaí, agus dúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|