+Airteagal 7 Comhoibriú oibríochtúil ar leibhéal an Aontais
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
|
Airteagal 7 Comhoibriú oibríochtúil ar leibhéal an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Tacóidh ENISA le comhar oibríochtúil i measc na mBallstát, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus idir gheallsealbhóirí.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Comhoibreoidh ENISA ar leibhéal oibríochtúil agus bunóidh sí sineirgíochtaí le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear CERT-EU, leis na seirbhísí sin a bhíonn ag déileáil le cibearchoireacht agus leis na húdaráis maoirseachta a bhíonn ag déileáil le cosaint príobháideachta agus sonraí pearsanta, d’fhonn dul i ngleic le saincheisteanna atá ina n-ábhar imní dóibh go léir, lena n-áirítear trí bhíthin:
(a)
fios gnó agus dea-chleachtais a mhalartú;
(b)
comhairle a chur ar fáil agus treoirlínte a eisiúint maidir le saincheisteanna ábhartha a bhaineann leis an gcibearshlándáil;
(c)
socruithe praiticiúla a leagan síos, chun cúraimí sonracha a chur i bhfeidhm, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Is í ENISA a chuirfidh rúnaíocht ar fáil do líonra CSIRTanna, de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2016/1148, agus a thacóidh go gníomhach, sa cháil sin, le comhroinnt na faisnéise agus an comhar idir a chuid comhaltaí.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Tacóidh ENISA le Ballstáit i gcomhar oibríochtúil laistigh de líonra CSIRTanna trí:
(a)
comhairle a thabhairt maidir le feabhas a chur ar a cumais teagmhais a chosc, a bhrath agus freagairt do theagmhais agus, arna iarraidh do Bhallstát amháin nó níos mó, comhairle a sholáthar i ndáil le cibearbhagairt shonrach;
(b)
cabhrú, arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit, leis an measúnú ar theagmhais a imríonn tionchar suntasach nó substaintiúil trí shaineolas a chur ar fáil agus trí láimhseáil theicniúil teagmhas den sórt sin a éascú, go háirithe trí thacú le comhroinnt dheonach faisnéise ábhartha agus réiteach teicniúil idir na Ballstáit;
(c)
anailís a dhéanamh ar leochaileachtaí agus ar theagmhais, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil go poiblí nó ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit ar fáil go deonach chun na críche sin; agus
(d)
arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit, tacaíocht a sholáthar i ndáil le fiosrúcháin theicniúla ex post ar theagmhais a fhágann lorg suaithinseach nó suntasach, de réir bhrí Threoir (AE) 2016/1148.
Agus na cúraimí sin á ndéanamh acu, rachaidh ENISA agus CERT-EU i mbun comhar struchtúrach d’fhonn tairbhe a bhaint as sineirgíochtaí, agus dúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Eagróidh ENISA cleachtaí rialta cibearshlándála ar leibhéal an Aontais agus tacóidh sí leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais cleachtaí cibearshlándála a eagrú, arna iarraidh sin dóibh. Féadfar a áireamh ar na cleachtaí cibearshlándála sin, ar leibhéal an Aontais, eilimintí teicniúla, oibríochtúla, nó straitéiseacha. Uair amháin gach 2 bhliain, eagróidh ENISA cleachtadh mórscála cuimsitheach. Cuideoidh ENISA freisin le cleachtaí cibearshlándála earnála a eagrú, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha a mbeidh cead acu páirt a ghlacadh i gcleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais chomh maith.
|
|
Airteagal 7 6.
|
Ullmhóidh ENISA, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, tuarascáil rialta dhomhain ar Staid Theicniúil na Cibearshlándála san Aontas maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí bunaithe ar fhaisnéis foinse oscailte, a hanailís féin, agus ar thuarascálacha arna gcomhroinnt acu seo a leanas, i measc comhlachtaí eile: CSIRTanna na mBallstát nó ionaid ilfhreastail arna bunú le Treoir (AE) 2016/1148; EC3 agus CERT-EU.
|
|
Airteagal 7 7.
|
Cuideoidh ENISA chun freagairt chomhoibritheach a fhorbairt, ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, ar theagmhais mhórscála trasteorann nó ar ghéarchéimeanna cibearshlándála, go háirithe trí:
(a)
tuarascálacha ó fhoinsí náisiúnta a chomhiomlánú agus anailís a dhéanamh orthu, agus iad ar fáil san fhearann poiblí nó á gcomhroinnt go deonach, d’fhonn cuidiú le feasacht staide choiteann a bhunú;
(b)
sreabhadh éifeachtach faisnéise a áirithiú mar aon le sásraí géaraithe idir líonra CSIRTanna agus lucht déanta cinntí polaitiúla agus teicniúla ar leibhéal an Aontais:
(c)
éascú a dhéanamh ar láimhseáil theicniúil teagmhais nó géarchéimeanna den sórt sin, lena n-áirítear go háirithe, trí thacú le comhroinnt dheonach réiteach teicniúil i measc na mBallstát, arna iarraidh sin dóibh;
(d)
tacú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus, arna iarraidh sin dóibh, leis na Ballstáit, i dtaca le cumarsáid leis an bpobal i dtaobh teagmhas nó géarchéimeanna den sórt sin;
(e)
na pleananna comhair a thástáil chun freagairt do theagmhais agus géarchéimeanna den chineál sin ar leibhéal an Aontais agus arna iarraidh sin dóibh, tacú leis na Ballstáit i dtástáil a dhéanamh ar phleananna den sórt sin ar an leibhéal náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|