|
+Airteagal 8 1. |
Airteagal 8 1.Déanfaidh ENISA forbairt agus cur chun feidhme bheartas an Aontais maidir le deimhniú cibearshlándála táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC agus seirbhísí slándála bainistithe, mar a bhunaítear le Teideal III den Rialachán seo, a chur chun cinn agus tacóidh sé leis an méid sin trí na nithe seo a leanas:
(a)
ar bhonn leanúnach, faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i réimsí gaolmhara um chaighdeánú, chomh maith le sonraíochtaí iomchuí teicniúla a mholadh a úsáidfear chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt de bhun pointe (c) d’Airteagal 54(1) nach mbíonn fáil ar chaighdeáin ar bith;
(b)
scéimeanna iarrthacha Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála (scéimeanna iarrthacha) a ullmhú do tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe i gcomhréir le hAirteagal 49;
(c)
meastóireacht a dhéanamh ar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 49(8).
(d)
páirt a ghlacadh in athbhreithnithe piaraí de bhun Airteagal 59(4);
(e)
cuidiú leis an gCoimisiún rúnaíocht a chur ar fáil don ECCG faoi réir Airteagal 62(5); 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|