+Airteagal 8 An margadh, deimhniú cibearshlándála, agus caighdeánú
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
|
Airteagal 8 An margadh, deimhniú cibearshlándála, agus caighdeánú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Déanfaidh ENISA forbairt agus cur chun feidhme bheartas an Aontais maidir le deimhniú cibearshlándála táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC agus seirbhísí slándála bainistithe, mar a bhunaítear le Teideal III den Rialachán seo, a chur chun cinn agus tacóidh sé leis an méid sin trí na nithe seo a leanas:
▼B
(a)
ar bhonn leanúnach, faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i réimsí gaolmhara um chaighdeánú, chomh maith le sonraíochtaí iomchuí teicniúla a mholadh a úsáidfear chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt de bhun pointe (c) d’Airteagal 54(1) nach mbíonn fáil ar chaighdeáin ar bith;
▼M1
(b)
scéimeanna iarrthacha Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála (scéimeanna iarrthacha) a ullmhú do tháirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe i gcomhréir le hAirteagal 49;
▼B
(c)
meastóireacht a dhéanamh ar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 49(8).
(d)
páirt a ghlacadh in athbhreithnithe piaraí de bhun Airteagal 59(4);
(e)
cuidiú leis an gCoimisiún rúnaíocht a chur ar fáil don ECCG faoi réir Airteagal 62(5);
|
|
Airteagal 8 2.
|
cuirfidh ENISA rúnaíocht ar fáil don Ghrúpa um Dheimhniú Cibearshlándála de bhun Airteagal 22(4);
|
|
Airteagal 8 3.
|
Déanfaidh ENISA treoirlínte a thiomsú agus a fhoilsiú agus dea-chleachtais a fhorbairt, maidir le ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus le hearnáil na tionsclaíochta ar bhealach foirmiúil struchtúrtha trédhearcach.
|
|
Airteagal 8 4.
|
rannchuideoidh ENISA le fothú acmhainní i dtaca le próisis mheastóireachta agus deimhniúcháin trí threoirlínte a thiomsú agus a fhoilsiú agus trí thacaíocht a thabhairt do na Ballstát arna iarraidh sin dóibh.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Éascóidh ENISA bunú agus glacadh caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta i dtaobh bainistiú riosca agus i dtaobh slándáil táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC agus seirbhísí slándála bainistithe.
|
|
Airteagal 8 6.
|
déanfaidh ENISA, i gcomhar leis na Ballstáit agus lucht tionscail, comhairle agus treoirlínte a dhréachtú maidir leis na réimsí teicniúla a bhaineann leis na ceanglais slándála d’oibreoirí seirbhísí bunriachtanacha agus do sholáthraithe seirbhíse digití, agus maidir le caighdeáin atá ann cheana, lena n-áirítear caighdeáin náisiúnta na mBallstát, de bhun Airteagal 19(2) de Threoir (EU) 2016/1148.
|
|
Airteagal 8 7.
|
déanfaidh ENISA anailísiú go rialta ar na príomhthreochtaí sa mhargadh cibearshlándála ar thaobh an tsoláthair agus an éilimh araon agus iad sin a scaipeadh, d’fhonn an margadh cibearshlándála san Aontas a chothú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|