|
+Airteagal 11 Taighde agus nuálaíocht |
Airteagal 11 Taighde agus nuálaíochtAirteagal 11 Taighde agus nuálaíocht I dtaca le taighde agus nuálaíocht, déanfaidh ENISA an méid seo:
(a)
comhairle a chur ar fáil d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus do na Ballstáit maidir le riachtanais agus tosaíochtaí taighde i réimse na cibearshlándála d’fhonn freagairtí éifeachtacha ar rioscaí agus cibearbhagairtí atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn a chumasú, lena n-áirítear maidir le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide nua agus cinn atá ag teacht chun cinn, agus d’fhonn teicneolaíochtaí seachanta rioscaí a úsáid go héifeachtúil;
(b)
páirt a ghlacadh, i gcás ina bhfuil na cumhachtaí ábhartha tugtha ag an gCoimisiún di, i gcéim cur chun feidhme clár um maoiniú taighde agus nuálaíochta, nó ina cáil mar thairbhí;
(c)
rannchuidiú, ar leibhéal an Aontais, leis an gclár oibre um thaighde straitéiseach agus nuálaíocht i réimse na cibearshlándála. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|