|
+Airteagal 55 1. |
Airteagal 55 1.Cuirfidh monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC, ar táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC iad atá deimhnithe ar eisíodh ráiteas chomhréireachta ón Aontas ina leith, an fhaisnéis fhorlíontach seo a leanas ar fáil:
(a)
treoir agus moltaí chun cúnamh a thabhairt d’úsáideoirí deiridh le cumraíocht, suiteáil agus úsáid shlán, feidhmiú slán agus cothabháil shlán na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC nó na bpróisis TFC;
(b)
an tréimhse ar lena linn a tháirgfear tacaíocht slándála do na húsáideoirí deiridh, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht na nuashonruithe sin a bhaineann leis an gcibearshlándáil;
(c)
faisnéis teagmhála an mhonaróra nó an tsoláthróra agus modhanna a nglactar leo chun faisnéis faoi leochaileacht a fháil ó úsáideoirí deiridh agus ó thaighdeoirí slándála;
(d)
tagairt do stórtha ar líne ina liostaítear leochaileachtaí a nochtadh go poiblí a bhaineann leis an táirge TFC, leis an tseirbhís TFC nó leis an bpróiseas TFC agus treoir chomhairleach ábhartha chibearshlándála. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|