|
+IARSCRÍBHINN |
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN NA CEANGLAIS ATÁ LE COMHLÍONADH AG NA COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA Comhlíonfaidh na comhlachtaí ar mian leo creidiúnú a fháil na ceanglais seo a leanas:
1.
Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta de réir an dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.
2.
Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí agus é neamhspleách ar an eagraíocht a ndéanann sé measúnú uirthi nó ar na táirgí TFC, na seirbhísí TFC, na próisis TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe a ndéanann sé measúnú orthu.
3.
Féadfar a mheas gur comhlacht um measúnú comhréireachta é comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a mbíonn baint acu le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe a ndéanann sé measúnú orthu, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.
4.
Comhlachtaí um measúnú comhréireachta, lucht a n-ardbhainistíochta agus na daoine atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh, ní bheidh siad ina ndearthóirí, ina monaróirí, ina soláthraithe, ina suiteálaithe, ina gceannaitheoirí, ina n-úinéirí, ina n-úsáideoirí nó ina gcothabhálaithe ar an táirge TFC, ar an tseirbhís TFC, ar an bpróiseas TFC nó ar an tseirbhís slándála bhainistithe a ndéantar measúnú air nó uirthi, ná ní bheidh siad ina n-ionadaithe údaraithe de chuid aon cheann de na páirtithe sin. Ní choiscfear, leis an toirmeasc sin, táirgí TFC a ndéantar measúnú orthu a úsáid a bhfuil gá leo i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta nó táirgí TFC den sórt sin a úsáid chun críoch pearsanta.
5.
Comhlachtaí um measúnú comhréireachta, lucht a n-ardbhainistíochta agus na daoine atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, monarú nó tógáil, soláthar, margú, suiteáil, úsáid nó cothabháil na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC nó na seirbhísí slándála bainistithe a ndéantar measúnú orthu, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a ghabhann de na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta, lucht a n-ardbhainistíochta agus na daoine atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil lena ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin, go háirithe, maidir le seirbhísí comhairleoireachta.
6.
Más le heintiteas poiblí nó le hinstitiúid phoiblí comhlacht um measúnú comhréireachta nó má tá sé á fheidhmiú acu, déanfar neamhspleáchas agus neamhláithreacht aon choinbhleachta leasa a áirithiú agus a dhoiciméadú idir an t-údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, agus an comhlacht um measúnú comhréireachta.
7.
Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta féin.
8.
Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bhfoireann na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích de réir an leibhéil is airde ionracas gairmiúil agus de réir na hinniúlachta teicniúla is gá sa réimse sonrach lena mbaineann, agus beidh siad saor ó gach cineál brú agus aslaigh lena n-áirítear brú agus aslach de chineál airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí a mbeadh leas acu as torthaí na ngníomhaíochtaí sin.
9.
Beidh ar chumas an chomhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí measúnaithe comhréireachta go léir a chur i gcrích a shanntar dó faoin Rialachán seo, cibé acu a dhéanann an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin a chur i gcrích nó a dhéantar thar a cheann agus faoina fhreagracht iad. Maidir le haon fhochonraitheoireacht nó aon chomhairliúchán le foireann seachtrach, déanfar iad a dhoiciméadú i gceart, ní bheidh aon idirghabhálaithe bainteach leo agus beidh siad sin faoi réir comhaontú i scríbhinn ina gcumhdófar, i measc nithe eile, rúndacht agus coinbhleachtaí leasa. Glacfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann lánfhreagracht as na cúraimí a dhéantar.
10.
Le haghaidh gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus le haghaidh gach cineáil, catagóire agus fochatagóire táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe, beidh na nithe seo a leanas ar fáil do chomhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí:
(a)
foireann ag a bhfuil an t-eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí acu chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;
(b)
tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, lena n-áirithítear trédhearcacht agus in-atáirgtheacht na nósanna imeachta sin. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht dá dtugtar fógra a fógraíodh de bhun Airteagal 61 agus a ghníomhaíochtaí eile;
(c)
nósanna imeachta chun gníomhaíochtaí a dhéanamh a chuireann san áireamh go cuí méid an ghnóthais, an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, a struchtúr, an méid castachta a bhaineann le teicneolaíocht an táirge TFC, na seirbhíse TFC, an phróisis TFC nó na seirbhíse slándála bainistithe atá i gceist agus cineál an phróisis táirgthe, is é sin, cé acu olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá ann.
11.
Beidh ag comhlacht um measúnú comhréireachta na hacmhainní is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar bhealach iomchuí; beidh rochtain aige ar an trealamh agus ar na saoráidí uile is gá chuige sin.
12.
Beidh na hinniúlachtaí seo a leanas ag na daoine atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh:
(a)
oiliúint mhaith theicniúil agus ghairme a chumhdóidh na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta;
(b)
eolas sásúil ar na ceanglais a bhíonn i gceist sna measúnuithe comhréireachta a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;
(c)
eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais is infheidhme agus ar na caighdeáin tástála;
(d)
an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a ullmhú lena dtaispeánfar gur cuireadh measúnuithe comhréireachta i gcrích.
13.
Ráthófar neamhchlaontacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta, na ndaoine atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta agus aon fhochonraitheoirí.
14.
Ní bheidh luach saothair lucht ardbhainistíochta agus na ndaoine atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe comhréireachta a chuirfear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.
15.
Rachaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi árachas dliteanais ach amháin má ghabhann an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás inarb é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.
16.
Déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta agus a bhaill foirne, coistí, fochuideachtaí, fochonraitheoirí, agus aon chomhlacht gaolmhar nó baill foirne de chuid comhlachtaí seachtracha dá chuid rúndacht a choinneáil agus urramóidh siad rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus a gcuid cúraimí um measúnú comhréireachtaá gcomhlíonadh acu faoin Rialachán seo nó de bhun aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta a thugann éifeacht don Rialachán seo, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nochtadh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil daoine mar sin faoina réir seachas maidir le húdaráis inniúla na mBallstát ina ndéantar na gníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint. Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta i dtaca le ceanglais an phointe seo.
17.
Cé is moite de pointe 16, le ceanglais na hIarscríbhinne seo, ní chuirfear bac ar bith ar fhaisnéis theicniúil agus treoir rialála a mhalartú idir comhlacht um measúnú comhréireachta agus duine atá ag cur isteach ar dheimhniú nó atá á bheartú sin.
18.
Oibreoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le tacar téarmaí agus coinníollacha atá comhsheasmhach, cothrom agus réasúnach, agus leas FBManna i ndáil le táillí, á chur san áireamh acu.
19.
Comhlíonfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 le haghaidh creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe a dheimhniú.
20.
Áiritheoidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta go gcomhlíonfaidh na saotharlanna tástála a úsáidtear chun críoch measúnaithe comhréireachta ceanglais an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 le haghaidh creidiúnú saotharlann a dhéanann tástáil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|