+Airteagal 12 Inneachar na bpleananna riosca-ullmhachta a mhéid a bhaineann le bearta réigiúnacha agus déthaobhacha
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
|
Airteagal 12 Inneachar na bpleananna riosca-ullmhachta a mhéid a bhaineann le bearta réigiúnacha agus déthaobhacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1
|
1. Sa bhreis ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11, áireofar i bplean riosca-ullmhachta gach Ballstáit bearta réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, bearta déthaobhacha chun a áirithiú go ndéanfar géarchéimeanna leictreachais ag a bhfuil tionchar trasteorann a chosc nó a bhainistiú i gceart. Déanfar bearta réigiúnacha a chomhaontú, laistigh den réigiún lena mbaineann, idir na Ballstáit sin a bhfuil an cumas teicniúil acu cúnamh a thabhairt dá chéile i gcomhréir le hAirteagal 15. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit foghrúpaí a chruthú freisin laistigh de réigiún. Déanfar bearta déthaobhacha a chomhaontú idir na Ballstáit atá nasctha go díreach le chéile ach nach bhfuil laistigh den réigiún céanna. Áiritheoidh na Ballstáit comhsheasmhacht idir bearta réigiúnacha agus déthaobhacha. Áireofar ar na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
comhordaitheoir géarchéime a ainmniú a bheidh comhdhéanta de na bainisteoirí náisiúnta ábhartha géarchéime leictreachais;
|
|
(b)
|
sásraí chun faisnéis a chomhroinnt agus chun comhar a dhéanamh;
|
|
(c)
|
bearta comhordaithe chun tionchar géarchéime leictreachais a mhaolú, lena n-áirítear géarchéim chomhuaineach leictreachais, chun críche cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 15;
|
|
(d)
|
nósanna imeachta chun tástálacha bliantúla nó débhliantúla a dhéanamh ar na pleananna riosca-ullmhachta.
|
|
(e)
|
truicearshásraí beart nach bhfuil margadhbhunaithe a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 16(2).
|
|
|
Airteagal 12 2
|
2. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a bheidh le háireamh sa phlean riosca-ullmhachta a chomhaontú, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha ábhartha. Féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún in ullmhú an chomhaontaithe maidir le bearta réigiúnacha agus déthaobhacha. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ACER agus ar ENTSO don Leictreachas cúnamh teicniúil a thabhairt do na Ballstáit d'fhonn comhaontú den sórt sin a éascú. Ocht mí ar a laghad roimh an spriocdháta chun an plean riosca-ullmhachta a ghlacadh nó a thabhairt cothrom le dáta, tuairisceoidh na húdaráis inniúla do GCL maidir leis na comhaontuithe ar thángthas orthu. Más rud é nach mbeidh na Ballstáit in ann teacht ar chomhaontú, cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an easaontas sin. Sa chás sin, molfaidh an Coimisiún bearta, lena n-áirítear sásra comhair, chun comhaontú maidir le bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a thabhairt i gcrích.
|
|
Airteagal 12 3
|
3. I bpáirt leis na geallsealbhóirí ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát i ngach réigiún, go tráthrialta, tástáil ar a éifeachtaí atá na nósanna imeachta arna bhforbairt i bpleananna riosca-ullmhachta chun géarchéimeanna leictreachais a chosc, lena n-áirítear na sásraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, agus déanfaidh siad ionsamhlúcháin dhébhliantúla ar ghéarchéimeanna leictreachais, agus na sásraí sin á dtástáil go háirithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0941
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|