+Airteagal 2 Cineál gníomhartha ACER

Airteagal 2 Cineál gníomhartha ACER

Airteagal 2

Cineál gníomhartha ACER

Déanfaidh ACER:

▼M5

(a) 

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig oibreoirí córais tarchuir, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (ENNOH), eintiteas AE do OCDanna, na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha agus oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais agus eintitis a bhunaíonn oibreoirí córais tarchuir do ghás nádúrtha, oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí stórála hidrigine nó oibreoirí gréasáin hidrigine;

▼M3

(aa) 

tuaraimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig an ardán aonair um leithdháileadh arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún ( 1 );

▼B

(b) 

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig údaráis rialála;

(c) 

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle nó chuig an gCoimisiún;

▼M3

(d) 

cinntí aonair a eisiúint maidir le soláthar faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 3(2), Airteagal 7(2), pointe (b), agus Airteagal 8, pointe (c); maidir leis na modheolaíochtaí, na téarmaí agus na coinníollacha a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 4(4), Airteagal 5(2), (3) agus (4); maidir le hathbhreithnithe ar chriosanna tairisceana dá dtagraítear in Airteagal 5(7); maidir le saincheisteanna teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1); maidir le headráin idir rialálaithe i gcomhréir le hAirteagal 6(10); a bhaineann le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (a); maidir le modheolaíochtaí agus ríomhanna agus sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a fhormheas agus a leasú; maidir le modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9(3) a fhormheas agus a leasú; maidir le díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 10; maidir le bonneagar dá dtagraítear in Airteagal 11 pointe (d); maidir le hábhair a bhaineann le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola de bhun Airteagal 12; agus maidir le togra comhpháirteach ó ENTSO don Leictreachas agus ó eintiteas AE do OCDanna maidir leis na cineálacha sonraí agus formáide agus leis an modheolaíocht a bhaineann leis an anailís atá le soláthar a mhéid a bhaineann leis na riachtanais solúbthachta de bhun Airteagal 5(9) a fhormheas agus a leasú;

▼B

(e) 

creat-treoirlínte neamhcheangailteacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) agus Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.