|
+Airteagal 3 2. |
Airteagal 3 2.
►M5
Arna iarraidh sin do ACER, déanfaidh na húdaráis rialála, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, na lárionaid comhordaithe, eintiteas AE do OCDanna, na hoibreoirí córais tarchurtha gáis nádúrtha, oibreoirí gréasáin hidrigine, na hoibreoirí margaidh leictreachais ainmnithe, agus eintitis arna mbunú ag oibreoirí córais tarchuir do ghás nádúrtha, oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí stórála hidrigine nó oibreoirí críochfoirt hidrigine, déanfaidh siad an fhaisnéis a chur ar fáil do ACER ar an leibhéal céanna sonraíochta chun críche cúraimí ACER a dhéanamh faoin Rialachán seo, murar iarr ACER an fhaisnéis sin agus mura bhfuair sí cheana í. ◄
Chun críche iarratais faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh an chumhacht cinntí a eisiúint ag ACER. Ina cuid cinntí, sonróidh ACER cuspóir na hiarrata, déanfaidh sí tagairt don bhunús dlí faoina bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh, agus déanfaidh sí teorainn ama a lua a bhfuil an fhaisnéis le soláthar laistigh di. Beidh an teorainn ama sin igcomhréir leis an iarraidh. Ní bhainfidh ACER úsáid as faisnéis rúnda a fhaightear de bhun an Rialacháin seo ach amháin chun na cúraimí a shanntar di faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Áiritheoidh ACER cosaint iomchuí na faisnéise ar fad de bhun Airteagal 41. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir leis an ardán aonair um leithdháileadh a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|