+Airteagal 3 Cúraimí ginearálta
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
|
Airteagal 3 Cúraimí ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Féadfaidh ACER, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún, nó ar a thionscnamh féin, tuairim nó moladh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le haon cheann de na saincheisteanna a bhaineann leis an gcuspóir dar bunaíodh í.
|
|
Airteagal 3 2.
|
►M5
Arna iarraidh sin do ACER, déanfaidh na húdaráis rialála, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, na lárionaid comhordaithe, eintiteas AE do OCDanna, na hoibreoirí córais tarchurtha gáis nádúrtha, oibreoirí gréasáin hidrigine, na hoibreoirí margaidh leictreachais ainmnithe, agus eintitis arna mbunú ag oibreoirí córais tarchuir do ghás nádúrtha, oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí stórála hidrigine nó oibreoirí críochfoirt hidrigine, déanfaidh siad an fhaisnéis a chur ar fáil do ACER ar an leibhéal céanna sonraíochta chun críche cúraimí ACER a dhéanamh faoin Rialachán seo, murar iarr ACER an fhaisnéis sin agus mura bhfuair sí cheana í. ◄
Chun críche iarratais faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh an chumhacht cinntí a eisiúint ag ACER. Ina cuid cinntí, sonróidh ACER cuspóir na hiarrata, déanfaidh sí tagairt don bhunús dlí faoina bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh, agus déanfaidh sí teorainn ama a lua a bhfuil an fhaisnéis le soláthar laistigh di. Beidh an teorainn ama sin igcomhréir leis an iarraidh. Ní bhainfidh ACER úsáid as faisnéis rúnda a fhaightear de bhun an Rialacháin seo ach amháin chun na cúraimí a shanntar di faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Áiritheoidh ACER cosaint iomchuí na faisnéise ar fad de bhun Airteagal 41. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir leis an ardán aonair um leithdháileadh a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|