|
+Airteagal 11 Cúraimí ACER i dtaca le bonneagar |
Airteagal 11 Cúraimí ACER i dtaca le bonneagarAirteagal 11 Cúraimí ACER i dtaca le bonneagar In ndáil leis an mbonneagar tras-Aontas fuinnimh, déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar leis na húdaráis rialála agus le ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás, an méid seo a leanas:
(a)
faireachán ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na dtionscadal chun acmhainneacht nua idirnascaire a chruthú;
(b)
faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna forbartha gréasáin uile-Aontais. Má shainaithníonn ACER aon neamhréireachtaí idir na pleananna sin agus a gcur chun feidhme, déanfaidh sí imscrúdú ar chúiseanna na neamhréireachtaí sin agus tabharfaidh sí moltaí do na hoibreoirí córas tarchurtha, do na húdaráis rialála nó do chomhlachtaí inniúla eile lena mbaineann d'fhonn na hinfheistíochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir leis na pleananna forbartha gréasáin uile-Aontais;
(c)
na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 5, Airteagal 11(3), Airteagal 11(6) go (9), Airteagail 12, 13 agus 17 agus i Roinn 2, pointe (12), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) a chur i gcrích;
(d)
cinntí a dhéanamh maidir le hiarrataí ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh costas trasteorann de bhun Airteagal 16(7) de Rialachán (AE) 2022/869. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|