+Airteagal 15 Faireachán agus tuairisciú ar earnáil an leictreachais agus ar earnáil an gháis nádúrtha
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
---+Airteagal 15 7.
---+Airteagal 15 8.
|
Airteagal 15 Faireachán agus tuairisciú ar earnáil an leictreachais agus ar earnáil an gháis nádúrtha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na húdaráis rialála, agus gan dochar d’inniúlachtaí na n-údarás iomaíochta, faireachán ar na margaí mórdhíola agus miondíola sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha, go háirithe ar leibhéil agus ar mhúnlú praghsanna miondíola agus mórdhíola, chun a éascú gur féidir leis na húdaráis ábhartha iompraíocht fhrithiomaíoch, éagórach nó neamhthrédhearcach a d’fhéadfadh a bheith ag oibreoirí margaidh a shainaithint, agus maidir le comhlíonadh chearta na dtomhaltóirí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/944 agus i dTreoir (AE) 2024/1788, ar thionchar na bhforbairtí margaidh ar chustaiméirí teaghlaigh, ar rochtain ar na gréasáin lena n-áirítear rochtain ar leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar an dul chun cinn a dhéantar i dtaca le hidirnascairí, ar bhacainní féideartha roimh thrádáil trasteorann, lena n-áirítear an tionchar atá ag hidrigin a chumasc sa chóras gáis nádúrtha agus ag bacainní ar an sreabhadh meatáin trasteorann, ar bhacainní rialála d’iontrálaithe nua sa mhargadh agus do pháirtithe níos lú sa mhargadh, lena n-áirítear pobail fuinnimh do shaoránaigh agus pobail fuinnimh in-athnuaite, ar idirghabhálacha Stáit a chuireann cosc ar phraghsanna a bheith ina léiriú ar an teirce iarbhír, amhail mar a leagtar amach in Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2019/943, ar fheidhmíocht an Bhallstáit i réimse shlándáil an tsoláthair leictreachais ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe Eorpaigh ar leordhóthanacht acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán sin, go háirithe ag cur san áireamh an mheastóireacht ex post dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/941. Déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na húdaráis rialála, agus gan dochar d’inniúlachtaí na n-údarás iomaíochta, faireachán ar na margaí hidrigine, go háirithe ar thionchar na bhforbairtí margaidh ar chustaiméirí hidrigine, ar an rochtain ar an ngréasán hidrigine, lena n-áirítear rochtain ar an ngréasán hidrigine a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar an dul chun cinn a dhéanfar i leith na n-idirnascairí agus bacainní ar thrádáil a d’fhéadfadh a bheith ann.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Gach bliain, foilseoidh ACER tuarascáil ar thorthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1. Sa tuarascáil sin, sainaithneofar aon bhacainní ar chomhlánú na margaí inmheánacha do leictreachas, gás nádúrtha hidrigin.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Agus a tuarascáil bhliantúil á foilsiú ag ACER, féadfaidh sí tuairim i leith na mbeart féideartha chun deireadh a chur leis na bacainní dá dtagraítear i mír 2 a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Eiseoidh ACER tuarascáil dea-chleachtais ar mhodheolaíochtaí na dtaraifí tarchurtha agus dáileacháin de bhun Airteagal 18(9) de Rialachán (AE) 2019/943. Eiseoidh ACER tuarascáil maidir leis an tionchar a bhíonn ag úsáid táirgí buaicscafa ar mhargadh leictreachais an Aontais le linn géarchéime tar éis an mheasúnaithe de bhun Airteagal 7a(7) de Rialachán (AE) 2019/943 agus tuarascáil ar an tionchar a bhíonn ag forbairt táirgí buaicscafa ar mhargadh leictreachais an Aontais faoi ghnáthdhálaí margaidh tar éis an mheasúnaithe de bhun Airteagal 7a(8) den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Eiseoidh ACER tuarascáil de bhun Airteagal 19e(7) de Rialachán (AE) 2019/943 ina ndéantar anailís ar na tuarascálacha náisiúnta ar na riachtanais solúbthachta mheasta agus ina soláthraítear moltaí maidir le saincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo i ndáil leis na cinntí a dhéanann an t-údarás rialála nó údarás nó eintiteas eile arna ainmniú ag Ballstát.
|
|
Airteagal 15 6.
|
foilseoidh ACER staidéir ina ndéanfar comparáid idir éifeachtúlacht costas na n-oibreoirí córais tarchuir san Aontas de bhun Airteagal 19(2) den Rialachán (AE) 2024/1789.
|
|
Airteagal 15 7.
|
cuirfidh ACER tuairimí isteach lena bhforálfar maidir le formáid chomhchuibhithe le haghaidh foilsiú faisnéise teicniúla maidir le rochtain ar ghréasáin tarchurtha hidrigine agus foilseoidh sé tuarascáil faireacháin ar phlódú ag pointí idirnaisc de bhun na dtreoirlínte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1789.
|
|
Airteagal 15 8.
|
Gach 3 bliana, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí chun comparáid a dhéanamh idir na costais infheistíochta aonaid a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a chainníochtú, a fhaire, a thuairisciú, a fhíorú agus a laghdú, lena n-áirítear scaoileadh agus bladhmadh i gcás tionscadail inchomparáide. Eiseoidh sé moltaí maidir le táscairí agus luachanna tagartha le haghaidh costais infheistíochta aonaid chun críocha na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
) a chomhlíonadh mar a fhoráiltear in Airteagal 3 den Rialachán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|