+Airteagal 23 An Stiúrthóir
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 23 6.
---+Airteagal 23 7.
---+Airteagal 23 8.
|
Airteagal 23 An Stiúrthóir
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Is é Stiúrthóir ACER a dhéanfaidh bainistiú ar ACER agus gníomhóidh sé nó sí i gcomhréir leis an treoraíocht dá dtagraítear sa dara habairt de phointe (b) d'Airteagal 22(5) agus, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Rialachán seo, i gcomhréir le tuairimí an Bhoird Rialálaithe. Gan dochar do róil an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird Rialálaithe faoi seach i dtaca le cúraimí an Stiúrthóra, ní dhéanfaidh an Stiúrthóir aon treoir lorg ná a ghlacadh ó aon rialtas, ó institiúidí an Aontais ná ó aon eintiteas nó duine poiblí nó príobháideach eile. Beidh an Stiúrthóir cuntasach don Bhord Riaracháin i ndáil le le hábhair riaracháin, bhuiséadacha agus bhainistíochta, ach leanfaidh sé nó sí de bheith go hiomlán neamhspleách maidir lena chúraimí nó a cúraimí faoi phointe (c) d'Airteagal 24(1). Féadfaidh an Stiúrthóir freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialálaithe mar bhreathnóir.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir tar éis dó tuairim fhabhrach an Bhoird Rialálaithe a fháil, ar bhonn tuillteanais mar aon le scileanna agus le taithí a bhaineann leis an earnáil fuinnimh, as liosta triúr iarrthóirí ar a laghad arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Sula ndéanfar an ceapachán, déanfaidh an t-iarrthóir a bheidh roghnaithe ag an mBord Riaracháin ráiteas os comhair an choiste inniúil i bParlaimint na hEorpa agus freagróidh sé nó sí ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin. Chun conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Riaracháin ionadaíocht ar ACER.
|
|
Airteagal 23 3.
|
Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra. Le linn na 9 mí roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú. Sa mheasúnú sin, scrúdóidh an Coimisiún na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
feidhmíocht an Stiúrthóra;
(b)
dualgais agus riachtanais ACER sna blianta ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 23 4.
|
Féadfaidh an Bord Riaracháin, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus an measúnú agus tuairim an Bhoird Rialálaithe ar an measúnú sin a bhreithniú go dian, agus sna cásanna sin ina mbeidh sé inchosanta ar bhonn dhualgais agus riachtanais ACER, agus sna cásanna sin amháin, téarma oifige an Stiúrthóra a fhadú, aon uair amháin, go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana. Ní bheidh Stiúrthóir, ar cuireadh fadú lena chonradh nó lena conradh, rannpháirteach i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse lenar cuireadh fadú.
|
|
Airteagal 23 5.
|
Cuirfidh an Bord Riaracháin in iúl do Pharlaimint na hEorpa go bhfuil sé ar intinn aige téarma oifige an Stiúrthóra a fhadú. Laistigh de mhí amháin sula bhfadaítear a théarma oifige nó a téarma oifige, féadfar a iarraidh ar an Stiúrthóir ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste inniúil i bParlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.
|
|
Airteagal 23 6.
|
I gcás nach bhfadófar a théarma oifige nó a téarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go gceapfar a chomharba nó a comharba.
|
|
Airteagal 23 7.
|
Ní fhéadfar an Stiúrthóir a chur as oifig ach amháin de bhun cinneadh ón mBord Riaracháin, tar éis tuairim fhabhrach an Bhoird Rialálaithe a fháil. Is trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a ghlacfaidh an Bord Riaracháin an cinneadh sin.
|
|
Airteagal 23 8.
|
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir tuarascáil a thíolacadh maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir chomh maith chun ráiteas a dhéanamh os comhair a coiste inniúil agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|