+Airteagal 24 2.

Airteagal 24 2.

Chun críocha phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, ní ghlacfar tuairimí, moltaí agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), in Airteagail 4 go 8, in Airteagal 9(1) agus (2), in Airteagal 10, i bpointe (c) d'Airteagal 11, in Airteagal 13, in Airteagal 15(4) agus in Airteagail 30 agus 43 ach tar éis tuairim fhabhrach a fháil ón mBord Rialálaithe.

Sula ndéanfaidh sé nó sí, dréacht-tuairimí, dréachtmholtaí nó dréachtchinntí a chur faoi vóta ag an bBord Rialálaithe, seolfaidh an Stiúrthóir tograí do dhréacht-tuairim, í dréachtmholtaí nó dréachtchinntí chuig an meitheal ábhartha lena mbreithnú in am trátha roimh ré.

Déanfaidh an Stiúrthóir an méid seo a leanas:

(a) 

barúlacha agus leasuithe an Bhoird Rialálaithe a chur san áireamh agus an dréacht-tuairim, dréachtmholadh nó dréachtchinneadh athbhreithnithe a thíolacadh chuig an mBord Rialálaithe arís le haghaidh tuairimefábharaí;

(b) 

féadfaidh an Stiúrthóir na dréacht-tuairimí, dréachtmholtaí, nó dréachtchinntí a tíolacadh a tharraingt siar, ar choinníoll go ndeanfaidh sé nó sí miniú i scríbhinn a mbeidh údar cuí leis a thíolacadh i gcás ina mbeadh easaontú maidir leis na leasuithe a thíolaic an Bord Rialálaithe;

I gcás go ndéanfar dréacht-tuairim, dréachtmholadh nó dréachtchinneadh a tharraingt siar, féadfaidh an Stiúrthóir dréacht-tuairim nua, dréachtmholadh nua nó dréachtchinneadh nua a éisiúint, ag cloí leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 22(5) agus sa dara fomhír den mhír seo.Chun críocha phointe (a) den tríú fomhír den mhír seo, i gcás nach gcloífidh an Stiúrthóir leis na barúlacha agus na leasuithe a fuarthas ón mBord Rialálaithe nó go ndiúltóidh sé nó sí dóibh, déanfaidh an Stiúrthóir míniú a mbeidh údar cuí leo a thabhairt i scríbhinn.

Mura dtabharfaidh an Bord Rialálaithe, ar an ábhar nach mbeidh a bharúlacha agus a leasuithe léirithe go leordhóthanach sa téacs a dhéanfar a thíolacadh arís, tuairim fhabhrach ar téacs na dréachtatuairime, an mholta nó an chinnte a dhéanfar a thíolacadh arís, féadfaidh an Stiúrthóir téacs na dréachtatuairime, an mholta nó an chinnte a athbhreithniú tuilleadh i gcomhréir leis na leasuithe agus na barúlacha arna moladh ag an mBord Rialálaithe chun tuairim fhabhrach a fháil uaidh gan a bheith air nó uirthi dul i gcomhairle arís leis an meitheal ábhartha nó cúiseannabreise i scríbhinn a thabhairt.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0942
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.