|
+Airteagal 5 2. |
Airteagal 5 2.Ní fhéadfaidh na Ballstáit maoluithe a sholáthar ar an bhfreagracht as cothromú ach sna cásanna seo a leanas:
(a)
tionscadail taispeána le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha, faoi réir a bhformheasta ag an údarás rialála, ar choinníoll go bhfuil na maoluithe teoranta don am agus don mhéid atá riachtanach chun cuspóirí na taispeána a bhaint amach;
(b)
saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW acu;
(c)
suiteálacha a bhaineann tairbhe as tacaíocht arna formheas ag an gCoimisiún faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair de bhun Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, agus a coimisiúnaíodh roimh an 4 Iúil 2019. Féadfaidh na Ballstáit, gan dochar d'Airteagail 107 agus 108 CFAE, dreasachtaí a sholáthair do rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil díolúine iomlán nó i bpáirt acu ó fhreagracht as cothromú, chun glacadh le freagracht iomlán as cothromú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|