+Airteagal 5 Freagracht as an gcothromú
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
|
Airteagal 5 Freagracht as an gcothromú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Beidh gach rannpháirtí sa mhargadh freagrach as na míchothromaíochtaí a chruthóidh siad sa chóras (“cothromú freagrachta”). Chuige sin, beidh rannpháirtithe sa mhargadh ina bpáirtithe a bhfuil freagracht orthu as cothromú nó déanfaidh siad an fhreagracht a tharmligean go conarthach chuig a rogha páirtí féin ar a mbeidh freagracht as an gcothromú. Beidh freagracht airgeadais as a chuid míchothromaíochtaí féin ar gach páirtí a mbeidh freagracht air as cothromú, agus féachfaidh sé leis an gcothromaíocht a bhaint amach nó cuidiú a thabhairt don chóras leictreachais a bhaint amach.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Ní fhéadfaidh na Ballstáit maoluithe a sholáthar ar an bhfreagracht as cothromú ach sna cásanna seo a leanas:
(a)
tionscadail taispeána le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha, faoi réir a bhformheasta ag an údarás rialála, ar choinníoll go bhfuil na maoluithe teoranta don am agus don mhéid atá riachtanach chun cuspóirí na taispeána a bhaint amach;
(b)
saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW acu;
(c)
suiteálacha a bhaineann tairbhe as tacaíocht arna formheas ag an gCoimisiún faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair de bhun Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, agus a coimisiúnaíodh roimh an 4 Iúil 2019.
Féadfaidh na Ballstáit, gan dochar d'Airteagail 107 agus 108 CFAE, dreasachtaí a sholáthair do rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil díolúine iomlán nó i bpáirt acu ó fhreagracht as cothromú, chun glacadh le freagracht iomlán as cothromú.
|
|
Airteagal 5 3.
|
I gcás ina ndeánann an Ballstát foráil maolú a chur ar fáil i gcomhréir le mír 2, áiritheoidh sé go bhfuil na freagrachtaí airgeadais maidir le míchothromaíochtaí á gcomhlíonadh ag rannpháirtí sa mhargadh eile.
|
|
Airteagal 5 4.
|
I gcás saoráidí giniúna cumhachta a choimisiúnófar ón 1 Eanáir 2026, ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 2 ach amháin i leith saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte de níos lú ná 200 kW acu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|