+Airteagal 6 An margadh don chothromú
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.
---+Airteagal 6 8.
---+Airteagal 6 9.
---+Airteagal 6 10.
---+Airteagal 6 11.
---+Airteagal 6 12.
---+Airteagal 6 13.
---+Airteagal 6 14.

Airteagal 6 An margadh don chothromú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.

Eagrófar margaí don chothromú, lena n-áirítear próisis réamhcháiliúcháin, ar bhealach a fhágfaidh:

(a) 

go n-áiritheofar neamh-idirdhealú éifeachtach idir rannpháirtithe sa mhargadh, agus riachtanais éagsúla theicniúla an chórais leictreachais agus acmhainneachtaí éagsúla teicniúla foinsí giniúna, na stórála fuinnimh agus na freagartha don éileamh á gcur san áireamh;

(b) 

go n-áiritheofar sainmhíniú ar sheirbhísí i modh atá trédhearcach agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ar sheirbhísí agus ar sholáthar trédhearcach margadhbhunaithe na seirbhísí sin;

(c) 

go n-áiritheofar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar gach rannpháirtí sa mhargadh, bíodh sé ina rochtain aonair nó trí chomhbhailiú, lena n-áirítear leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite inathraitheacha fuinnimh, freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh;

(d) 

go n-urramófar an gá le freastal ar sciartha méadaitheacha de ghiniúint athraitheach mar aon le freagairt mhéadaithe don éileamh agus teacht chun cinn teicneolaíochtaí nua.

Airteagal 6 2.
Ní réamhchinnfear praghas an fhuinnimh don chothromú i gconradh acmhainneachta don chothromú. Próisis thrédhearcacha a bheidh sna próisis soláthair i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Threoir (AE) 2019/944, lena n-urramófar rúndacht ag an am céanna.
Airteagal 6 3.
Áiritheoidh margaí don chothromú slándáil oibríochtúil agus ag an am céanna fágfaidh siad go mbeifear in ann úsáid uasta a bhaint as acmhainneacht thraslimistéir, agus í a leithdháileadh go héifeachtúil thar chreataí ama i gcomhréir le hAirteagal 17.
Airteagal 6 4.
I gcás táirgí caighdeánacha don chothromú agus sonracha don chothromú, bunófar socrú an fhuinnimh don chothromú ar phraghsáil imeallchostais (íoc-mar-imréitithe) mura rud é go bhfuil modh malartach praghsála formheasta ag na húdaráis rialála náisiúnta uile ar bhonn togra comhpháirteach ó na hoibreoirí córais tarchurtha uile tar éis anailís lena léireofar go bhfuil modh malartach praghsála níos éifeachtúla.

Beidh rannpháirtithe sa mhargadh in ann tairiscintí a dhéanamh chomh gar don fhíor-am agus is féidir, agus ní bheidh amanna dúnta an gheata fuinnimh don chothromú ann roimh am dúnta an gheata traslimistéir ionlae.

Oibreoirí córais tarchurtha a chuireann múnla seolta lárnach i bhfeidhm, féadfaidh sé rialacha breise a bhunú i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le cothromú leictreachais arna ghlacadh de bhun Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) 714/2009.

Airteagal 6 5.
Socrófar na míchothromaíochtaí ag praghas a léiríonn luach fíor-ama an fhuinnimh.
Airteagal 6 6.
Beidh limistéar praghsanna míchothromaíochta comhionann le crios tairisceana, seachas i gcás múnla seolta lárnach ina bhféadfadh limistéar praghsanna míchothromaíochta a bheith ina chuid de chrios tairisceana.
Airteagal 6 7.
Is iad na hoibreoirí córais tarchurtha a dhéanfaidh toisiú ar an acmhainneacht chúltaca agus éascófar é ar an leibhéal réigiúnach.
Airteagal 6 8.
Is iad na hoibreoirí córas tarchurtha a dhéanfaidh soláthar na hacmhainneachta don chothromú agus d'fhéadfaí é a éascú ar an leibhéal réigiúnach. Féadfaidh forchoimeád na hacmhainneachta trasteorann chun na críche sin a bheith teoranta. Is bunaithe ar an margadh a bheidh soláthar na hacmhainneachta don chothromú agus eagrófar é sa chaoi go mbeidh sé neamh-idirdhealaitheach idir rannpháirtithe margaidh sa phróiseas réamhcháiliúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Threoir (AE) 2019/944, bíodh na rannpháirtithe margaidh rannpháirteach ina n-aonar nó trí chomhbhailiú.

Is bunaithe ar mhargadh príomhúil a bheidh soláthar na hacmhainneachta don chothromú mura rud é agus sa mhéid go bhfuil úsáid cineálacha eile soláthair mhargadhbhunaithe formheasta ag an údarás rialála ar na forais go bhfuil easpa iomaíochta ann sa mhargadh do sheirbhísí cothromúcháin. Déanfar maoluithe ó úsáid margaí príomhúla a athbhreithniú gach 3 bliana.

Airteagal 6 9.
Is ar leithligh a dhéanfar soláthar na hacmhainneachta ardaithí don chothromú agus soláthar na hacmhainneachta íslithí don chothromú, mura rud é go bhformheasfaidh an t-údarás rialála náisiúnta díolmhú ón bprionsabal sin ar an mbonn go léireodh an t-oibreoir córais tarcurtha trí bhithín mheasúnú go mbeadh éifeachtúlacht eacnamaíoch níos airde mar thoradh air sin. Déanfar conraitheoireacht na hacmhainneachta don chothromú ar feadh tréimhse nach faide ná aon lá amháin roimh sholáthar na hacmhainneachta don chothromú agus aon lá amháin ar a mhéad a bheidh sa tréimhse chonarthach, mura rud é agus sa mhéid go bhfuil conraitheoireacht níos luaithe nó tréimhsí conarthacha níos faide formheasta ag an údarás rialála náisiúnta chun slándáil an tsoláthair a áirithiú nó éifeachtúlacht eacnamaíoch a fheabhsú.

I gcás ina ndeonaítear maolú, beidh 40 % ar a laghad de na táirgí caighdeánacha don chothromú agus 30 % ar a laghad de na táirgí uile a úsáidtear le haghaidh na hacmhainneachta don chothromú, cuirfear conarthaí maidir leis na hacmhainneachta don chothromú i gcrích aon lá amháin roimh sholáthar na hacmhainneachta don chothromú agus ní níos faide ná aon lá amháin ar a mhéad a bheidh an tréimhse chonarthach. Déanfar conraitheoireacht na coda atá fágtha den acmhainneacht don chothromú ar feadh uastréimhse míosa sula soláthrófar an acmhainneacht don chothromú agus bainfidh uastréimhse míosa le tréimhse chonarthach na coda atá fágtha den acmhainneacht don chothromú.

Airteagal 6 10.

Arna iarraidh sin don oibreoir córais tarchurtha, féadfaidh an t-údarás rialála a chinneadh tréimhse chonarthach na coda a bheidh fágtha den acmhainneacht don chothromú dá dtagraítear i mír 9 a shíneadh go huastréimhse 2 mhí déag ar choinníoll go mbeidh teorainn ama ag baint le cinneadh den chineál sin, agus gur mó an buntáiste a bhainfidh leis an gcostas a bheadh ar chustaiméirí deiridh a ísliú ná an drochthionchar a bheadh ar an margadh. Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:

(a) 

an tréimhse sonrach ina mbeadh feidhm ag an díolúine a shainiú;

(b) 

sainiú ar mhéid na hacmhainneachta don chothromú a mbeadh feidhm ag an díolúine maidir leis;

(c) 

anailís ar thionchar díolúine den chineál sin ar rannpháirtíocht acmhainní cothromúcháin; agus

(d) 

bonn cirt leis an díolúine lena léireofar go mbeadh costais níos ísle ann do thomhaltóirí mar thoradh ar dhíolúine den chineál sin.

Airteagal 6 11.
D'aineoinn mhír 10, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ní mharfaidh na tréimhsí conthartha níos faide ná 6 mhí.
Airteagal 6 12.
Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh na húdaráis rialála don Choimisiún agus do ACER maidir leis an acmhainneacht iomlán a chumhdaítear le conarthaí ag a bhfuil tréimhse nó tréimhse soláthair is faide ná aon lá amháin acu.
Airteagal 6 13.
Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchurtha nó a n-oibreoirí tarmligthe chomh gar don fhíor-am agus is féidir ach ní le moill 30 nóiméad nó níos mó tar éis a seachadta, cothromú reatha córais a limistéar sceidealaithe, faoi na praghsanna éagothroime measta agus faoi phraghasanna measta an fhuinnimh don chothromú.
Airteagal 6 14.
I gcás nach leor táirgí caighdeánacha don chothromú chun slándáil oibríochtúil a áirithiú nó nach féidir le roinnt acmhainní cothromúcháin a bheith rannpháirteach sa mhargadh don chothromú trí tháirgí caighdeánacha don chothromú, féadfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha, agus féadfaidh na húdarais rialála maolaithe ó mhíreanna 2 agus 4 a fhormheas gcás táirgí sonracha don chothromú a ghníomhachtaítear go háitiúil gan iad a mhalartú le hoibreoirí córais tarchurtha eile.

Áireofar sna tograí le haghaidh maoluithe tuairisc ar bhearta a bhfuil sé beartaithe leo laghdú a dhéanamh ar úsáid táirgí sonracha faoi réir éifeachtúlacht eacnamaíoch, léiriú nach gcruthaíonn na táirgí sonracha neamhéifeachtúlachtaí suntsacha ná saobhadh suntasach sa mhargadh don chothromú laistigh den limistéar sceidealaithe nó lasmuigh de agus, i gcás inarb infheidhme, na rialacha agus an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas chun na tairiscintí d'fhuinneamh don chothromú ó tháirgí sonracha a thiontú ina dtairiscintí d'fhuinneamh don chothromú ó tháirgí caighdeánacha don chothromú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.