|
+Airteagal 8 1a. |
Airteagal 8 1a.Féadfaidh an t-údarás rialála lena mbaineann, arna iarraidh sin don oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann, maolú ar an gceanglas a leagtar síos i mír 1 a dheonú go dtí an 1 Eanáir 2029. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an iarraidh faoi bhráid an údaráis rialála lena mbaineann. Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:
(a)
measúnú tionchair, agus aiseolas ó OAMLanna ábhartha agus ó rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann á chur san áireamh, lena léirítear tionchar diúltach birt den sórt sin ar shlándáil an tsoláthair sa chóras náisiúnta leictreachais, ar an gcostéifeachtúlacht, lena n-áirítear i ndáil le hardáin chothromúcháin atá ann cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2195, ar chomhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus
(b)
plean gníomhaíochta a bhfuil sé d’aidhm aige am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae a ghiorrú go 30 nóiméad roimh an bhfíor-am faoin 1 Eanáir 2029. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|