+Airteagal 8 Trádáil ar mhargaí lá roimh ré agus ionlae
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 1a.
---+Airteagal 8 1b.
---+Airteagal 8 1c.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
|
Airteagal 8 Trádáil ar mhargaí lá roimh ré agus ionlae
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Ceadóidh OAMLanna do na rannpháirtithe sa mhargadh fuinneamh a thrádáil chomh gar don fhíor-am agus is féidir agus ar a laghad go dtí am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae. Faoin 1 Eanáir 2026, ní bheidh am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae níos mó ná 30 nóiméad roimh an bhfíor-am.
|
|
Airteagal 8 1a.
|
Féadfaidh an t-údarás rialála lena mbaineann, arna iarraidh sin don oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann, maolú ar an gceanglas a leagtar síos i mír 1 a dheonú go dtí an 1 Eanáir 2029. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an iarraidh faoi bhráid an údaráis rialála lena mbaineann. Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:
(a)
measúnú tionchair, agus aiseolas ó OAMLanna ábhartha agus ó rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann á chur san áireamh, lena léirítear tionchar diúltach birt den sórt sin ar shlándáil an tsoláthair sa chóras náisiúnta leictreachais, ar an gcostéifeachtúlacht, lena n-áirítear i ndáil le hardáin chothromúcháin atá ann cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2195, ar chomhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus
(b)
plean gníomhaíochta a bhfuil sé d’aidhm aige am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae a ghiorrú go 30 nóiméad roimh an bhfíor-am faoin 1 Eanáir 2029.
|
|
Airteagal 8 1b.
|
Féadfaidh an t-údarás rialála, arna iarraidh sin don oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann, maolú breise ar an gceanglas a leagtar síos i mír 1 a dheonú suas le 2 bhliain go leith ó dháta éaga na tréimhse dá dtagraítear i mír 1a. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann an iarraidh faoi bhráid an údaráis rialála lena mbaineann, faoi bhráid ENTSO don Leictreachas agus faoi bhráid ACER faoin 30 Meitheamh 2028. Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:
(a)
measúnú tionchair nua, ina gcuirtear san áireamh aiseolas ó rannpháirtithe sa mhargadh agus ó OAMLanna agus lena dtabharfar bonn cirt leis an ngá atá le maolú breise, bunaithe ar rioscaí maidir le slándáil soláthair an chórais fuinnimh náisiúnta, maidir leis an gcostéifeachtúlacht, maidir le comhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite, agus maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha; agus
(b)
plean gníomhaíochta athbhreithnithe chun am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae a ghiorrú go 30 nóiméad roimh an bhfíor-am faoin dáta a n-iarrtar síneadh ama ina leith agus tráth nach déanaí ná an dáta tosaigh a iarradh don mhaolú.
Eiseoidh ACER tuairim maidir leis an tionchar trasteorann a bheidh ag maolú breise laistigh de 6 mhí ón iarraidh ar an maolú sin a fháil. Cuirfidh an t-údarás rialála lena mbaineann an tuairim sin san áireamh sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir le hiarraidh ar mhaolú breise.
|
|
Airteagal 8 1c.
|
Faoin 1 Nollaig 2027, cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le OAMLanna, le ENTSO don Leictreachas, le ACER agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an tionchar a bheadh ann dá ndéanfaí am dúnta an gheata thraschreasaigh arna bhunú de bhun an Airteagail seo a laghdú a thuilleadh, ar na costais agus ar na tairbhí, ar a indéanta a bheadh sé é a laghdú a thuilleadh, agus ar réitigh phraiticiúla chun na críche sin chun go bhféadfadh rannpháirtithe sa mhargadh fuinneamh a thrádáil chomh gar don fhíor-am agus is féidir. Sa tuarascáil sin, breithneofar an tionchar ar shlándáil an chórais leictreachais, ar an gcostéifeachtúlacht, ar na tairbhí do chomhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite agus ar laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Tabharfaidh OAMLanna an deis do na rannpháirtithe sa mhargadh trádáil a dhéanamh i bhfuinneamh in eatraimh ama atá ar a laghad chomh gearr leis an tréimhse um réiteach míchothromaíochtaí sna margaí lá roimh ré agus ionlae araon.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Soláthróidh OAMLanna táirgí lena dtrádáil i margaí lá roimh ré agus ionlae atá beag go leor ó thaobh méide, le méideanna íosta tairisceana de 100 kW nó níos lú, chun gur féidir rannpháirtíocht éifeachtach a bheith ag freagairt don éileamh, stóráil fuinnimh agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite ar mionscála, lena gcuimsítear rannpháirtíocht dhíreach ó na custaiméirí, lena n-áirítear trí chomhbhailiú.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Faoin 1 Eanáir 2021, is é 15 nóiméad a bheidh sa tréimhse réitigh míchothromaíochtaí i ngach réimse sceidealaithe mura rud é go bhfuil maolú nó díolúine deonaithe ag na húdaráis rialála. Ní fhéadfaí maoluithe a dheonú ach go dtí an 31 Nollaig 2024. Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní bheidhan tréimhse shocraíochta éagothroime níos faide ná 30 nóiméad, i gcás ina mbeidh díolúine deonaithe ag na húdaráis rialála náisiúnta uile de limistéar sioncronach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|