|
+Airteagal 9 5. |
Airteagal 9 5.Maidir le moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta, cumhdófar an méid seo a leanas sa mheasúnú tionchair a dhéanfar de bhun mhír 4:
(a)
raon feidhme geografach leormhaith na mol fíorúil réigiúnach, lena n-áirítear na criosanna tairisceana arb é a bheadh iontu na moil sin agus cásanna sonracha de chriosanna tairisceana ar le dhá mhol fhíorúla nó níos mó iad, agus é mar aidhm an comhghaol praghsanna a uasmhéadú idir na praghsanna tagartha agus praghsanna na gcriosanna tairisceana sin ar moil fhíorúla réigiúnacha iad;
(b)
leibhéal idirnascachta leictreachais na mBallstát, go háirithe leibhéal idirnascachta leictreachais na mBallstát sin nár bhain amach na spriocanna idirnaisc leictreachais do 2020 agus 2030 a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (d)(1), de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
(c)
an mhodheolaíocht chun na praghsanna tagartha do na moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta a ríomh, agus é mar aidhm an comhghaol praghsanna a uasmhéadú idir an praghas tagartha agus praghsanna na gcriosanna tairisceana ar mol fíorúil réigiúnach iad;
(d)
an fhéidearthacht go ndéanfaí de chriosanna tairisceana cuid de níos mó ná mol fíorúil réigiúnach amháin;
(e)
na bealaí chun na deiseanna trádála a uasmhéadú le haghaidh táirgí fálaithe a thagraíonn do na moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta agus le haghaidh cearta tarchurtha fadtéarmacha ó chriosanna tairisceana go moil fhíorúla réigiúnacha;
(f)
na bealaí lena áirithiú go dtairgeann an t-ardán aonair um leithdháileadh dá dtagraítear i mír 2 leithdháileadh agus go n-éascaíonn sé trádáil ceart tarchurtha fadtéarmach;
(g)
impleachtaí na gcomhaontuithe idir-rialtasacha atá ann cheana agus na gceart faoi na comhaontuithe sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|