+Airteagal 10 Teorainneacha teicniúla ar thairiscintí
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.

Airteagal 10 Teorainneacha teicniúla ar thairiscintí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.
Ní bheidh aon teorainn uasta ná teorainn íosta ar an bpraghas leictreachais mórdhíola. Beidh feidhm ag an bhforáil sin, inter alia, maidir le tairiscint agus imréiteach i ngach creat ama agus beidh praghsanna don fhuinneamh don chothromú agus praghsanna do mhíchothromaíochtaí san áireamh inti. Tá an méid sin gan dochar do na teorainneacha teicniúla ar phraghsanna a fhéadfar a chur i bhfeidhm sa chreat ama don chothromú agus sna creataí ama lá roimh ré agus ionlae i gcomhréir le mír 2.
Airteagal 10 2.
Féadfaidh OAMLanna teorainneacha comhchuibhithe a chur i bhfeidhm ar na praghsanna uasta agus íosta imréitigh do na creataí ama lá roimh ré agus ionlae. Beidh na teorainneacha sin ard a ndóthain i riocht is nach ndéanfar an trádáil a shrianadh go neamhriachtanach, beidh siad comhchuibhithe don mhargadh inmhéanach agus cuirfear san áireamh leo an luach uasta atá ar chailliúint lóid. I gcás ina bhfuiltear ag súil leis go mbainfear amach na teorainneacha socraithe, déanfaidh OAMLanna sásra trédhearcach a chur i bhfeidhm chun na teorainneacha teicniúla ar thairiscintí a choigeartú go huathoibríoch in am trátha. Leanfaidh na teorainneacha coigeartaithe níos airde de bheith infheidhme go dtí go mbeidh gá le tuilleadh méadaithe faoin sásra sin.
Airteagal 10 3.
Ní ghlacfaidh oibreoirí córas tarchurtha aon bhearta a mbeidh sé d'aidhm leo na praghsanna mórdhíola a athrú.
Airteagal 10 4.
Aithneoidh na húdaráis rialála, nó i gcás ina n-ainmníonn Ballstát údarás inniúla eile chun na críche sin, údaráis inniúla arna ainmniú den chineál sin, beartais agus bearta arna gcur i bhfeidhm laistigh dá gcríoch a d'fhéadfadh rannchuidiú le bunú praghsanna mórdhíola a shrianadh go neamhdhíreach, lena n-áirítear teorainn a chur le tairiscintí a bhaineann le fuinneamh don chothromú a chur i ngníomh, le sásraí acmhainneachta, le bearta a dhéanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha, le bearta a bhfuil sé mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar thorthaí an mhargaidh nó mí-úsáid ceannasachta nó criosanna tairisceana atá sainithe go neamh-éifeachtach a chosc.
Airteagal 10 5.
Nuair a bheidh beartas nó beart, a d'fhéadfadh bunú praghsanna a shrianadh, sainaitheanta ag údarás rialála nó ag údarás inniúil arna, déanfaidh an t-údarás rialála gach gníomhaíocht iomchuí chun an tionchar an bheartais nó an bhirt a dhíothú nó, mura féidir sin, a mhaolú. Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil a sholáthar don Choimisiún faoin 5 Eanáir 2020 ina mbeidh tuairisc mhionsonraithe ar na bearta agus gníomhaíochtaí atá glactha acu nó atá beartaithe acu a ghlacadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.