|
+Airteagal 13 6. |
Airteagal 13 6.I gcás ina mbainfear úsáid as athsheoladh íslitheach nach bhfuil bunaithe ar an margadh, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
(a)
ní bheidh saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite faoi réir athsheoladh íslitheach ach amháin mura bhfuil aon rogha mhalartach eile ann nó más rud é go mbeadh costais dhíréireacha shuntasacha nó rioscaí tromchúiseacha do shlándáil an ghréasáin ann mar thoradh ar réitigh eile;
(b)
ní bheidh leictreachas a ghintear i bpróiseas comhghiniúna ardéifeachtaí faoi réir athsheoladh íslitheach ach amháin, seachas athsheoladh íslitheach a dhéanamh ar shaoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite, mura bhfuil aon rogha mhalartach eile ann nó más rud é go mbeadh costais dhíréireacha nó rioscaí tromchúiseacha ann do shlándáil an ghréasáin mar thoradh ar réitigh eile;
(c)
ní bheidh leictreachas féinghinte ó shuiteálacha giniúna a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite nó as comhghiniúint ardéifeachtach, nach gcuirtear isteach sa ghréasán tarchurtha ná dáileacháin faoi réir athsheoladh íslitheach ach amháin i gcás nach réiteodh aon réiteach eile saincheisteanna slándála gréasáin;
(d)
tabharfar bonn cirt cuí agus trédhearcach le hathsheoladh íslitheach faoi phointí (a), (b) agus (c). Cuirfear an bonn cirt san áireamh sa tuarascáil faoi mhír 3. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|