+Airteagal 14 Athbhreithnú ar an gcrios tairisceana
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
---+Airteagal 14 8.
---+Airteagal 14 9.
---+Airteagal 14 10.
---+Airteagal 14 11.
|
Airteagal 14 Athbhreithnú ar an gcrios tairisceana
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Glacfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar phlódú. Beidh teorainneacha na gcriosanna tairisceana bunaithe ar phlódú fadtéarmach struchtúrach sa ghréasán tarchurtha. Ní bheidh plódú struchtúrtha den chineál sin sna criosanna tairisceana mura rud é nach bhfuil tionchar ar bith acu ar chriosanna tairisceana chomharsanachta, nó, mar bheart sealadach, go ndéantar a dtionchar ar chriosanna tairisceana comharsanacha a mhaolú trí leas a bhaint as gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus nach mbíonn laghdú ar an acmhainneacht trádála traschreasach de thoradh ar na plódaithe struchtúracha, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 16. Dearfar cumraíocht na gcriosanna tairisceana san Aontas ar bhealach a fhágfaidh go ndéanfar éifeachtúlacht eacnamaíochta a uasmhéadú agus chun deiseanna trádála traslimistéir a uasmhéadú de bhun Airteagal 16 agus urraim chuí á tabhairt do shlándáil an tsoláthair.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Gach 3 bliana, tuairisceoidh an ENTSO don Leictreachas ar phlódú struchtúrtha agus mórphlódú fisiceach eile idir chriosanna tairisceana agus laistigh díobh, lena n-áirítear suíomh agus minicíocht an phlódaithe sin i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009. Cuirtear leis an tuarascáil sin measúnú maidir le cé acu a shroich nó nár shroich acmhainneacht na trádála traschreasach conair líneach de bhun Airteagl 15 den Rialachán seo nó an t-acmhainneacht íosta de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Chun cumraíocht optamach ar chriosanna tairisceana a áirithiú, déanfar athbhreithniú ar chriosanna tairisceana. San athbhreithniú sin déanfar an plódú struchtúrach ar fad a shainaithint agus beidh anailís ann ar chumraíochtaí éagsúla na gcriosanna tairisceana ar mhodh comhordaithe ina mbeidh geallsealbhóirí a bhfuil difear á dhéanamh dóibh ó gach Ballstát ábhartha rannpháirteach, i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009. Déanfar na criosanna tairisceana atá ann faoi láthair a mheasúnú bunaithe ar a gcumas timpeallacht mhargaidh iontaofa a chruthú, lena n-áirítear i gcás giniúint sholúbtha agus acmhainneacht lóid, atá bunriachtanach chun scrogaill eangaí a sheachaint, éileamh agus soláthar leictreachais a chothromú agus slándáil fhadtéarmach infheistíochtaí i mbonneagar líonra a áirithiú.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Chun críche an Airteagail seo agus Airteagal 15 den Rialachán seo, tagraíonn na Ballstáit, na hoibreoirí córais tarchurtha nó na húdaráis rialála ábhartha do na Ballstáit, na hoibreoirí córais tarchurtha nó na húdaráis rialála a bheidh rannpháirteach san athbhreithniú ar chumraíocht na gcriosanna tairisceana agus dóibh siúd freisin sa réigiún ríofa acmhainneachta céanna de bhun na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.
|
|
Airteagal 14 5.
|
Faoin 5 Deireadh Fómhair 2019, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha uile togra maidir leis an modheolaíocht agus na toimhdí a úsáidfear sa phróiseas athbhreithnithe maidir leis crioseanna tairisceana mar aon leis na cumraíochtaí malartacha ar chriosanna tairisceana arna meas a thíolacadh do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha lena fhormheas. Tiocfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ar chinneadh d'aon toil maidir leis an togra a gcuirtear faoi bhráid laistigh de 3 mhí. I gcás nach féidir leis na húdaráis rialála teacht ar chinneadh d'aon toil maidir leis an togar laistigh den chlár ama sin, déanfaidh ACER cinneadh, laistigh de 3 mhí breise, maidir leis an modheolaíocht agus na toimhdí agus na cumraíochtaí malartacha ar chriosanna tairisceana a measfar. Is ar phlódú struchtúrach nach bhfuiltear ag súil go sárófar sna 3 bliana atá romhainn é, a bhunófar an mhodheolaíocht, lena gcuirfear san áireamh dul chun cinn nithiúil ar thionscadail forbartha bonneagair a bhfuiltear ag súil go gcuirfear i gcrích iad sna 3 bliana atá romhainn.
|
|
Airteagal 14 6.
|
Ar bhonn na modheolaíochta agus na toimhdí arna bhformheas de bhun mhír 4, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis fhormheas na modheolaíochta de bhun mhír 4, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha atá rannpháirteach san athbhreithniú ar na criosanna tairisceana togra comhpháirteach a chur faoi bhráid a n-údaráis inniúla ainmnithe na mBallstát ábhartha maidir le cé acu an ndéanfaidh siad cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú nó a choinneáil. Ballstáit eile, Comhpháirtithe Conarthacha an Phobail Fuinnimh nó tríú tíortha eile atá sa limistéar sioncronach céanna le haon Bhallstát, féadfaidh aon Bhallstat ábhartha barúlacha a thíolacadh.
|
|
Airteagal 14 7.
|
I gcás ina mbeidh plódú struchtúrach sainaitheanta sa tuarascáil de bhun mhír 2 den Airteagal seo nó san athbhreithniú ar na criosanna tairisceana de bhun mhír 5 den Airteagal seo nó ag ceann amháin nó níos mó de na hoibreoirí córais tarchurtha ina limistéir rialaithe i dtuarascáil arna formheas ag an údarás rialála ábhartha déanfaidh an Ballstát a bhfuil plódú struchtúrach sainaitheanta aige, i gcomhar lena oibreoirí córais tarchurtha agus laistigh de 6 mhí tar éis an tuarascáil a fháil, a chinneadh pleananna gníomhaíochta náisiúnta nó ilnáisiúnta a bhunú de bhun Airteagal 15, nó athbhreithniú nó leasú a dhéanamh ar chumraíocht a gcriosanna tairisceana. Tabharfar fógra láithreach don Choimisiún agus do ACER faoi na cinntí sin.
|
|
Airteagal 14 8.
|
I gcás na mBallstát sin ar rogha leo cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú de bhun mhír 7, tiocfaidh na Ballstáit ábhartha ar chinneadh d'aon toil laistigh de 6 mhí tar éis an fógra a thabhairt de bhun mhír 7. Féadfaidh Ballstáit eile barúlacha a thíolacadh do na Ballstáit ábhartha, ar cheart dóibh na barúlacha sin a chur san áireamh agus iad ag teacht ar a gcinneadh. Beidh bonn cirt leis an gcinneadh, agus tabharfar fógra faoi don Choimisiún agus do ACER. I gcás nach bhféadfaidh na Ballstáit ábhartha teacht ar chinneadh d'aon toil laistigh de ná 6 mhí sin, cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach. Mar rogha dheiridh, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ACER, cinneadh a ghlacadh maidir le cé acu an ndéanfaidh sé cumraíocht na limistéar tairisceana a leasú nó a choinneáil sna Ballstáit sin agus idir na Ballstáit sin, faoi cheann 6 mhí tar éis dó fógra den sórt sin a fháil.
|
|
Airteagal 14 9.
|
Rachaidh na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha sula nglacfaidh siad cinneadh faoin Airteagal seo.
|
|
Airteagal 14 10.
|
Sonrófar in aon chinneadh a ghlacfar faoin Airteagal seo an dáta a chuirfear athrú chun feidhme. Leis an dáta cur chun feidhme sin, aimseofar cothromaíocht idir an gá atá le cur chun feidhme a dhéanamh a luaithe agus is féidir agus ceisteanna praiticiúla, lena n-áirítear trádáil todhchaíochta leictreachais. Féadfaidh an cinneadh socruithe eatramhacha iomchuí a bhunú.
|
|
Airteagal 14 11.
|
I gcás ina ndéantar athbhreithnithe eile ar chriosanna tairisceana a sheoladh faoin treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, beidh feidhm ag an Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|