+Airteagal 15 Pleananna gníomhaíochta
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
---+Airteagal 15 7.

Airteagal 15 Pleananna gníomhaíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
I ndiaidh chur i bhfeidhm cinnidh de bhun Airteagail 14(7), déanfaidh an Ballstát ina bhfuil plódú structúrach sainaitheanta plean gníomhaíochta a fhorbairt i gcomhar lena údarás rialála. Áireofar sa phlean gníomhaíochta sin clár ama docht chun bearta a ghlacadh chun laghdú a dhéanamh ar an bplódú struchtúrach arna shainaithint laistigh de 4 bliana ó ghlacadh an chinnidh sin de bhun Airteagal 14(7).
Airteagal 15 2.
Gan bean ar dhul chun cinn nithiúil an phlean gníomhaíochta, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, gan dochar do mhaolaithe arna dheonú faoi Airteagal 16(10) nó maolaithe faoi Airteagal 16(3), na hacmhainneachtaí trádála traschreasach a mhéadú ar bhonn bliantúil go dtí go ngnófar íosta acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 16(8), a ghnóthú. Bainfear an tagarmharc íosta acmhainneachta amach faoin 31 Nollaig 2025.

Is trí bhíthin conair líneach a ghnóthófar na méaduithe bliantúla sin. Is éard a bheidh i dtúsphointe na conaire sin an acmhainneacht a leithdháileadh ar an teorainn nó ar eilimintí criticiúla líonra sa bhliain roimh ghlacadh an phlean gníomhaíochta nó meánacmhainneacht na 3 bliana deiridh roimh ghlacadh an phlean gníomhaíochta, cibé acu is airde. Áiritheoidh na Ballstáit, le linn chur chun feidhme bpleananna gníomhaíochta, go mbeidh an acmhainneacht a chuirfear ar fáil don trádáil traschreasach atá le bheith i gcomhréir le hAirteagal 16(8), cothrom, ar a laghad, le luachanna na conaire línigh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí feabhais sa réigiún ríofa acmhainneachta.

Airteagal 15 3.
Is iad an Ballstát nó na Ballstáit a bhfuil na pleananna gníomhaíochta riachtanach á chur chun feidhme aige nó acu a sheasfaidh costais na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá chun cloí leis an gconair nó acmhainneacht traschreasach a chur ar fáil ag na teorainneacha lena mbaineann an plean gníomhaíochta.
Airteagal 15 4.
Ar bhonn bliantúil, le linn chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta agus laistigh de 6 mhí tar éis dhul in éag, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha measúnú don 12 mhí deiridh i dtaobh an bhfuil an chonair líneach bainte amach nó, ón 1 Eanáir 2026, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha measúnú i dtaobh na acmhainneachta íosta dá dtagraítear in Airteagal 16(8) a. Tuairisceoidh siad a measúnuithe do ACER agus do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha. Sula ndéanfaidh sé an tuarascáil deiridh a thíolac, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha a rannchuidiú leis an tuarascáil a thíolac, lena n-áirítear na sonraí ábhartha uile, a chur chuig a údarás rialála lena fhormheas.
Airteagal 15 5.
I gcás na mBallstáit sin ar ina leith a léirítear sa mheasúnuithe dá dtagraítear i mír 4 nár chomhlíon oibreoir córais tarchurtha an chonair líneach, déanfaidh na Ballstáit ábhartha a chinneadh d'aon toil, laistigh de 6 mhí ón measúnú dá dtagraítear i mír 4 a fháil, maidir le cé acu an ndéanfaidh siad cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú nó a choinneáil idir na Ballstáit sin. Agus cinneadh á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit ábhartha aird a thabhairt ar na barúlacha a chuirtear faoina mbráid ag na mBallstáit eile. Beidh cinneadh na mBallstát ábhartha ina chinneadh réasúnaithe agus tabharfar fógra faoi don Choimisiún agus do ACER.

Cuirfidh na Ballstáit ábhartha an Coimisiún ar an eolas láithreach i gcás nach bhféadfaidh siad teacht ar chinneadh laistigh den tréimhse ama ata leagtha síos. Laistigh de 6 mhí tar éis dó fógra den sórt sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún, mar rogha dheiridh, tar éis dó dul i gcomhairle le ACER agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, cinneadh a ghlacadh maidir le cé cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú nó a choinneáil sna Ballstáit sin agus idir na Ballstáit ábhartha.

Airteagal 15 6.
Sé mhí roimh dhul in éag don phlean gníomhaíochta, déanfaidh an Ballstát a bhfuil plódú struchtúrach sainaitheanta aige cinneadh cibé an ndéanfaidh sé aghaidh a thabhairt ar phlódú agus a gcrios tairisceana á leasú aige nó cibé an dtabharfaidh siad aghaidh ar an bplódú inmheánach atá gan réiteach le gníomhaíochtaí ceartaitheacha a gcumhdóidh sé na costais dóibh.
Airteagal 15 7.
I gcás nár sainíodh plean gníomhaíochta laistigh de 6 mhí inar sainaithníodh plódú struchtúrach de bhun Airteagal 14(7), déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha measúnú, laistigh de 12 mhí tar éis plódú struchtúrach den sórt sin a shainaithint, i dtaobh ar shroich an acmhainneacht trasteorann atá ar fáil an t-íosleibhéal acmhainneachta a leagtar amach in Airteagal 16(8) i gcás thréimhse an 12 mhí roimhe sin agus cuirfidh sé tuarascail mheasúnaithe faoi bhráid na n-údarás rialála ábhartha agus faoi bhráid ACER.

Sula ndéanfaidh sé an tuarascáil a dhréachtú, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha a rannchuidiú leis an tuarascáil, lena n-áirítear na sonraí ábhartha uile, a chur chuig a údarás rialála náisiúnta lena fhormheas. I gcás ina léirítear sa mheasúnú nár chomhlíon oibreoir córais tarchurtha an íosleibhéil acmhainneachta, beidh feidhm ag an bpróiseas cinnteoireachta i mír 5 den Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.