|
+Airteagal 16 8. |
Airteagal 16 8.Ní chuirfidh oibreoirí córais tarchurtha teorainn le toilleadh na hacmhainneachta idirnaisc a bheidh le cur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh mar bheallach chun plódú a réiteach laistigh dá gcrios tairisceana féin nó mar mhodh chun sreafaí arna n-eascairt as idirbheart laistigh de chriosanna tairisceana a bhainistiú. Gan dochar do chur i bhfeidhm na maoluithe faoi mhíreanna 3 agus 10 den Airteagal seo agus do chur i bhfeidhm Airteagal 15(2), measfar an mhír seo a bheith comhlíonta ar choinníoll go sroichtear íosleibhéil seo a leanas na hacmhainneachta atá ar fáil le haghaidh trádáil traschreasach:
(a)
i gcás teorainneacha a úsáideann cur chuige glanacmhainneachta tarchurtha comhordaithe, is é 70 % den acmhainneacht tairseacha an t-íosleibhéal achmhainneachta a bheidh ann, agus teorainneacha slándála oibríochta á n-urramú agus teagmhais á gcur san áireamh, ag an am céanna, arna chinneadh i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;
(b)
i gcás teorainneacha a úsáideann cur chuige sreabhadhbhunaithe, is é an tairseach íosta a bheidh ann ná corrlach arna shocrú sa phróiseas ríofa acmhainneachta amhail mar atá ar fáil i gcás sreafaí de thoradh malartú traschreasach. Is é an corrlach a bheidh ann ná 70 % den acmhainneacht, agus teorainneacha slándála oibríochta eilimintí criticiúla líonra inmheánacha agus traslimistéir á n-urammú agus teagmhais á gcur san áireamh, ag an am céanna, arna chinneadh i gcomhréir leis na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009; Féadfar an méid iomlán de 30 % a úsáid i gcás na gcorrlach iontaofachta, na lúbshreabha agus na sreabha inmheánacha ar gach eilimint chriticiúil líonra. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|