+Airteagal 16 Prionsabail ghinearálta maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.
---+Airteagal 16 8.
---+Airteagal 16 9.
---+Airteagal 16 10.
---+Airteagal 16 11.
---+Airteagal 16 12.
---+Airteagal 16 13.

Airteagal 16 Prionsabail ghinearálta maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Tabharfar aghaidh ar fhadhbanna maidir le plódú gréasáin trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadhbhunaithe lena dtabharfar comharthaí eacnamaíocha éifeachtúla do na rannpháirtithe sa mhargadh agus do na hoibreoirí córais tarchurtha lena mbaineann. Réiteofar fadhbanna maidir le plódú gréasáin trí mhodhanna nach bhfuil bunaithe ar idirbheart, eadhon modhanna nach mbaineann le roghnú idir conarthaí rannpháirtithe aonair sa mhargadh. Agus bearta oibríochtúla á ndéanamh aige chun a áirithiú go bhfanfaidh a chóras tarchurtha sa ghnáth-staid, cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha san áireamh an tionchar a bheadh ag na bearta sin ar limistéir rialaithe chomharsanachta agus déanfaidh sé comhordú ar bhearta den sórt sin le hoibreoirí córais tarchurtha eile a ndéanfar difear dóibh mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 2015/1222.
Airteagal 16 2.
Ní úsáidfear nósanna imeachta um chiorrú idirbhirt ach amháin i staideanna éigeandála, eadhon ina bhfuil ar an oibreoir córais tarchurtha gníomhú ar mhodh gasta agus nach bhfuil athsheoladh ná fritrádáil indéanta. Déanfar aon nós imeachta den sórt sin a chur i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach. Déanfar rannpháirtithe sa mhargadh dár leithdháileadh acmhainneacht a chúiteamh as aon chiorrú den chineál sin, seachas i gcásanna force majeure.
Airteagal 16 3.
Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ríomh comhordaithe ar acmhainneacht i gcomhréir le míreanna 4 agus 8 den Airteagal seo, dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 37(1) agus in Airteagal 42(1).

Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ríomh ar acmhainneachtaí traschreasacha, agus teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil á n-urramú acu, trí úsáid a bhaint as sonraí ó oibreoirí córais tarchurtha, lena n-áirítear sonraí ar infhaighteacht theicniúil gníomhaíochtaí ceartaitheacha, seachas lódsceitheadh. I gcás ina dtiocfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ar an gconclúid nach leor iad na gníomhaíochtaí ceartaitheacha uile atá ar fáil sa réigiún ríofa acmhainneachta nó idir réigiúnacha ríofa acmhainneachta chun an chonair líneach da dtagraítear in Airteagal 15(2) nó na tairsí íosta acmhainneachta dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a shroicheadh agus teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil á n-urramú, ag an am céanna, féadfaidh siad, mar rogha dheiridh, gníomhaíochtaí comhordaithe a leagan amach lena laghdaítear na hacmhainneachtaí traschreasacha dá réir. Ní fhéadfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha claonadh ó ghníomhaíochtaí comhordaithe ach amháin i dtaca le ríomh comhordaithe ar acmhainneacht agus le hanailís chomhordaithe ar shlándáil i gcomhréir le hAirteagal 42(2).

Faoi 3 mhí tar éis theacht i ngníomh na lárionad chomhordúcháin réigiúnach de bhun Airteagal 35(2) den Rialachán seo agus gach 3 mhí ina dhiaidh sin, cuirfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha faoi bhráid na n-údarás rialála ábhartha agus don ACER maidir le haon laghdú ar acmhainneacht nó mura gcloítear leis an ghníomhaíocht chomhorduithe de bhun na dara fomhíre seo agus déanfaidh siad measúnú ar na teagmhais agus moltaí, más gá, ar an gcaoi le claontaí den sórt sin a sheachaint sa todhchaí. Má thagann ACER ar an gconclúid nach ndearnadh na réamhriachtanais le haghaidh claonta de bhun na míre seo a chomhlíonadh nó gur de chineál struchtúrtha iad, cuirfidh ACER tuairim faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta ábhartha agus faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh na húdaráis rialála inniúla gníomhaíocht iomchuí a thionscnamh in aghaidh oibreoirí córais tarchurtha nó lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha de bhun Airteagal 59 nó Airteagal 62 de Threoir (AE) 2019/944 mura gclíonn na hoibreoirí córais tarchurtha nó lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha leis na gníomhaíochtaí chomhorduithe faoin mír seo ganndearnadh na réamhriachtanais le haghaidh claonta de bhun na míre seo a chomhlíonadh.

Tabharfar aghaidh ar chlaontaí de chineál struchtúrtha sa phlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(7) nó i leagan nuashonraithe de phlean gníomhaíochta atá ann cheana.

Airteagal 16 4.
Déanfar leibhéal uasta acmhainneacht na n-idirnasc agus na ngréasán tarchurtha a ndéanann acmhainneacht trasteoranndifear dóibh a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh na caighdeáin sábháilteachta á gcomhlíonadh maidir le hoibriú slán gréasáin. Bainfear úsáid as fritrádáil agus athsheoladh, lena n-áirítear athsheoladh trasteorann, chun na hacmhainneachtaí atá ar fáil a uasmhéadú chun go sroichfí na tairsí íosta acmhainneachta dá dtagraítear i mír 8. Déanfar próiseas comhordaithe agus neamh-idirdhealaitheach a chur i bhfeidhm chun é sin a chumasú, tar éis modheolaíocht maidir le comhroinnt costas athsheolta agus fritrádála a chur chun feidhme.
Airteagal 16 5.
Ní dhéanfar acmhainneacht a leithdháileadh ach amháin trí bhíthin ceantanna sainráite acmhainneachta nó ceantanna intuigthe lena n-áirítear acmhainneacht agus fuinneamh araon. Féadfaidh an dá mhodh a bheith ann ag an am céanna i ndáil leis an idirnasc céanna. I gcás trádáil ionlae úsáidfear trádáil leanúnach, a bhféadfaidh ceantanna a bheith ina gcomhlánú uirthi.
Airteagal 16 6.
I gcás plódaithe, is iad na tairiscintí a ghlacfar ná na tairiscintí bailí is airde luach ar acmhainneacht ghréasáin, bíodh siad intuigthe nó sainráite, a thairgeann an luach is airde don acmhainneacht thearc tarchurtha in aon chreat ama ar leith. Seachas i gcás idirnascairí nua a thairbheoidh de dhíolúine faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003, Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 nó faoi Airteagal 63 den Rialachán seo, deánfar praghsanna cúltaca a bhunú i modhanna leithdháilte acmhainneachta a thoirmeasc.
Airteagal 16 7.
Beidh an acmhainneacht intrádáilte ar bhonn tánaisteach gan bhac, ar choinníoll go gcuirfear an t-oibreoir córais tarchurtha ar an eolas luath go leor roimh ré. I gcás ina ndiúltóidh oibreoir córais tarchurtha aon trádáil thánaisteach (nó idirbheart thánaisteach), déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha sin an méid sin a chur in iúl agus a mhíniú go soiléir agus go trédhearcach do na rannpháirtithe uile sa mhargadh agus cuirfear in iúl don údarás rialála é.
Airteagal 16 8.

Ní chuirfidh oibreoirí córais tarchurtha teorainn le toilleadh na hacmhainneachta idirnaisc a bheidh le cur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh mar bheallach chun plódú a réiteach laistigh dá gcrios tairisceana féin nó mar mhodh chun sreafaí arna n-eascairt as idirbheart laistigh de chriosanna tairisceana a bhainistiú. Gan dochar do chur i bhfeidhm na maoluithe faoi mhíreanna 3 agus 10 den Airteagal seo agus do chur i bhfeidhm Airteagal 15(2), measfar an mhír seo a bheith comhlíonta ar choinníoll go sroichtear íosleibhéil seo a leanas na hacmhainneachta atá ar fáil le haghaidh trádáil traschreasach:

(a) 

i gcás teorainneacha a úsáideann cur chuige glanacmhainneachta tarchurtha comhordaithe, is é 70 % den acmhainneacht tairseacha an t-íosleibhéal achmhainneachta a bheidh ann, agus teorainneacha slándála oibríochta á n-urramú agus teagmhais á gcur san áireamh, ag an am céanna, arna chinneadh i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(b) 

i gcás teorainneacha a úsáideann cur chuige sreabhadhbhunaithe, is é an tairseach íosta a bheidh ann ná corrlach arna shocrú sa phróiseas ríofa acmhainneachta amhail mar atá ar fáil i gcás sreafaí de thoradh malartú traschreasach. Is é an corrlach a bheidh ann ná 70 % den acmhainneacht, agus teorainneacha slándála oibríochta eilimintí criticiúla líonra inmheánacha agus traslimistéir á n-urammú agus teagmhais á gcur san áireamh, ag an am céanna, arna chinneadh i gcomhréir leis na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

Féadfar an méid iomlán de 30 % a úsáid i gcás na gcorrlach iontaofachta, na lúbshreabha agus na sreabha inmheánacha ar gach eilimint chriticiúil líonra.

Airteagal 16 9.
Arna iarraidh sin d'oibreoirí córais tarchurtha i réigiún ríofa acmhainneachta, féadfaidh na húdaráis rialála ábhartha maolú a dheonú ó mhír 8 ar fhorais intuartha i gcás inar gá sin chun slándáil oibríochtúil a choinneáil. Beidh maoluithe den sórt sin, nach bhféadfaidh baint a bheith aige le ciorrú acmhainneachtaí a leithdháileadh cheana de bhun mhír 2, teoranta de 1 bhliain amháin agus ní níos mó san iarraidh, nó suas le 2 bhliain ar a mhéad lena ngabhfaidh leibhéal íslitheacha suntasach ar an maolú gach bliain. Beidh méid na maouluithe den sórt sin teoranta go docht don mhéid atá riachtanach chun slándáil oibríochtúil a chosaint, agus seachnófar leis idirdhealú idir malartuithe inmheánacha agus malartuithe traschreasacha.

Sula ndeonfaidh sé maolú, rachaidh an t-údarás rialála ábhartha i gcomhairle le húdaráis rialála na mBallstát eile ar cuid iad de réigiún ríofa acmhainneachta dá ndéantar difear. I gcás ina n-easaontóidh údarás rialála leis an maolú a mholtar, déanfaidh ACER cinneadh ar cheart dó an maolú a dheonú de bhun phointe (a) d'Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942. Foilseofar an bonn cirt agus na cúiseanna atá leis an maolú.

I gcás ina ndeonaítear maolú, forbróidh agus foilseoidh na hoibreoirí ábhartha córas tarchurtha modheolaíocht agus tionscadail lena dtabharfar réiteach fadtéarmach ar an bhfadhb a bhfuil sé mar aidhm ag an maolú aghaidh a thabhairt air. Rachaidh an maolú in éag an tráth a bhainfear an teorainn ama don mhaolú amach nó, nuair a chuirfear an réiteach i bhfeidhm, cibé acu sin is túisce.

Airteagal 16 10.
Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh in iúl do na hoibreoirí córais tarchurtha lena mbaineann, tráth réasúnach roimh an tréimhse oibríochtúil ábhartha, an bhfuil sé ar intinn acu acmhainneacht leithdháilte a úsáid. Déanfar aon acmhainneacht leithdháilte nach n-úsáidfear a chur ar fáil ar an margadh ar mhodh oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
Airteagal 16 11.
A mhéid is indéanta é go teicniúil, déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha, cothromú ar riachtanais acmhainneachta aon sreafaí cumhachta ag dul sa treo contrártha thar an líne idirnaisc phlódaithe chun an líne sin a úsáid go barr a hacmhainneachta. Agus lánaird á tabhairt ar shlándáil líonra, ní dhiúltófar aon idirbhearta a mhaolóidh an plódú.
Airteagal 16 12.
Déanfar na hiarmhairtí airgeadais a ghabhann le mainneachtain urraim a thabhairt d'oibleagáidí a bhaineann le leithdháileadh acmhainneachta a chur ina leith oibreoirí córais tarchurtha nó OMLAanna atá freagrach as an mainneachtain sin. I gcás ina mainneoidh rannpháirtithe sa mhargadh úsáid a bhaint as an acmhainneacht a gheall siad a úsáid, nó, i gcás acmhainneacht a cheantáiltear go sainráite, ina mainneoidh rannpháirtithe trádáil ar bhonn tánaisteach nó an acmhainneacht a thabhairt ar ais in am trátha, caillfidh na rannpháirtithe sa mhargadh na cearta ar an acmhainneacht sin agus íocfaidh siad muirear costas-léiritheach. Beidh údar maith le haon mhuirir chostas-léiritheacha i leith neamhúsáid acmhainneachta agus beidh siad comhréireach. Mura gcomhlíonann oibreoir córais tarchurtha a chuid oibleagáidí chun acmhainne daingne tarchurtha a sholáthair, dlífidh sé cúiteamh a thabhairt don rannpháirtí sa mhargadh as cailleadh a cheart acmhainneachta. Ní chuirfear caillteanais iarmhartacha san áireamh chuige sin. Leagfar amach roimh ré na coincheapa lárnacha agus na modhanna lena gcinnfear na dliteanais a fhabhrófar mar thoradh ar mhainneachtain oibleagáidí a urramú i leith na n-iarmhairtí airgeadais, agus beidh siad faoi réir a n-athbhreithnithe ag an údarás rialála ábhartha.
Airteagal 16 13.
Agus na costais gníomhaíochtaí ceartaitheacha idir oibreoirí córais tarchurtha á leithdháileadh acu, déanfaidh na húdaráis rialála anailís ar a mhéid a rannchuidíonn sreafaí de dhroim idirbhearta laistigh de chriosanna tairisceana leis an bplódú idir dhá chrios tairisceana arna mbreathnú, agus leithdháilfidh siad na costais, bunaithe ar an rannchuidiú leis an bplódú, ar oibreoirí córais tarchurtha na gcriosanna tairisceana a chruthaíonn na sreafaí sin seachas i gcás costas de thoradh sreafaí de dhroim idirbheart laistigh de chriosanna tairisceana atá faoi bhun an leibhéil lena bhféadfaí a bheith ag súil d'uireasa plódú struchtúrtha i gcrios tairisceana.

Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha uile as réigiún ríofa acmhainneachta an leibhéal sin a ainilísiú agus shainiú go comhpháirteach i gcás gach teorann idir dhá chrios tairisceana aonair, agus beidh sé faoi réir na n-údárás rialála uile sa réigiún chun ríofa acmhainneachta a fhormheas ina dhiaidh sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.