+Airteagal 17 Acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh thar chreataí ama
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.

Airteagal 17 Acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh thar chreataí ama

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha athríomh ar an acmhainneacht thraschreasach atá ar fáil ar a laghad tar éis amanna dúnta an gheata traschreasaaigh lá roimh ré agus tar éis amanna dúnta an gheata traschreasaigh ionlae. Leithdháilfidh oibreoirí córais tarchurtha an acmhainneacht thraschreasach atá ar fáil, móide aon acmhainneacht thraschreasach nár leithdháileadh roimhe seo agus aon acmhainneacht thraschreasach ar scaoil sealbhóirí na gceart fisiceach tarchurtha ó leithdháiltí roimhe seo, sa chéad phróiseas eile do leithdháileadh na hacmhainneachta traschreasaí.
Airteagal 17 2.

Saineoidh na hoibreoirí córais tarchurtha struchtúr iomchuí chun acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh ar fud na gcreataí ama, lena n-áirítear margaí lá roimh ré, ionlae agus cothromaithe. Beidh struchtúr um leithdháileadh den sórt sin faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialála ábhartha. Agus a dtogra á tharraingt suas acu, cuirfidh oibreoirí córais tarchurtha na nithe seo a leanas san áireamh:

(a) 

saintréithe na margaí;

(b) 

coinníollacha oibríochtúla an chórais leictreachais, amhail na himpleachtaí a bheadh ag comhardú na sceideal atá dearbhaithe go daingean;

(c) 

leibhéal comhchuibhithe na gcéatadán a thugtar do chreataí éagsúla agus na creataí ama a ghlacfar do na sásraí éagsúla atá i bhfeidhm maidir le leithdháileadh acmhainneachta traschreasaí cheana.

Airteagal 17 3.
I gcás ina mbeidh acmhainneacht thraschreasach ar fáil tar éis am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae, bainfidh oibreoirí córais tarchurtha úsáid as an acmhainneacht thraschreasaigh chun fuinneamh don chomhardú a mhalartú nó chun an próiseas do chomhardú míchothromaíochtaí a fheidhmiú.
Airteagal 17 4.
I gcás ina ndéantar acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh do mhalartú na hacmhainneachta don chothromú nó do chomhroinnt na gcúltacaí de bhun Airteagal 6(8) den Rialachán seo, bainfidh na hoibreoirí córas tarchurtha úsáid as na modheolaíochtaí arna bhforbairt i dtreoirlíne maidir le cothromú leictreachais arna glacadh de bhun Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.
Airteagal 17 5.
Ní mhéadóidh oibreoirí córais tarchurtha, mar thoradh ar acmhainneacht don chothromú a mhalartú nó cúltacaí a chomhroinnt, an corrlach iontaofachta arna ríomh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2015/1222.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.