|
+Airteagal 23 5. |
Airteagal 23 5.Beidh an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní bunaithe ar mhodheolaíocht thrédhearcach lena n-áiritheofar go mbeidh na nithe seo a leanas i gceist leis an measúnú sin:
(a)
go ndéanfar é ar gach leibhéal creasa tairisceana a chumhdaíonn ar a laghad gach Ballstát;
(b)
go mbeidh sé bunaithe ar chásanna tagartha lárnacha den éileamh agus soláthar réamh-mheasta lena n-áirítear measúnú eacnamaíoch ar an dóchúlacht ar shócmhainní giniúna a dhíchoimisiúnú, a chur i leataobh, a thógáil as an nua agus bearta chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus idirnascadh leictreachais a bhaint amach agus íogaireacht oiriúnach a bhaint amach maidir le himeachtaí foircneacha aimsire, coinníollacha hidreolaíocha, praghsanna mórdhíola agus forbairt ar phraghsanna carbóin;
(c)
go mbeidh ann cásanna ar leithligh ina léirítear dóchúlacht éagsúil na n-ábhar imní maidir le leormhaitheas giniúna ar ina leith a ceapadh cineálacha éagsúla sásraí acmhainneachta chun aghaidh a thabhairt orthu;
(d)
go gcuirfear san áireamh go hiomchuí rannchuidiú na n-acmhainní uile, lena n-áirítear deiseanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, stóráil fuinnimh, comhtháthú earnálach, freagairt don éileamh, agus allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus an méid a rannchuidíonn siad le hoibriú solúbtha an chórais;
(e)
go ndéanfar réamh-mheas ar an tionchar is dócha a bheidh ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(3);
(f)
go gcuirfear san áireamh athróga gan na sásraí acmhainneachta atá ann faoi láthair nó atá pleanáilte agus, i gcás inarb infheidhme, le hathróga acmhainneachta den sórt sin;
(g)
go mbeidh sé bunaithe ar shamhail mhargaidh ina n-úsáidtear an cur chuige bunaithe ar shreafaí, i gcás inarb infheidhme;
(h)
go gcuirfear ríomhanna dóchúlaíocha i bhfeidhm leis;
(i)
go gcuirfear uirlis mhúnlaithe aonair i bhfeidhm;
(j)
go n-áireofar na táscairí seo a leanas ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 25:
—
“an fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh”, agus
—
“an t-ionchas caillte lóid”;
(k)
go sainaithneofar ábhair imní a d'fhéadfadh a bheith ann ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, go háirithe an srianadh gréasáin nó srianadh acmhainní, nó srianadh ar an dá rud, atá i gceist.
(l)
go dtabharfar aird ar fhíorfhorbairt líonra;
(m)
go n-áiritheofar go gcuirfear san áireamh mar is cuí saintréithe náisiúnta na giniúna, solúbthacht éilimh agus stóráil fuinnimh, infhaighteacht acmhainní príomha agus leibhéal an idirnasctha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|