+Airteagal 23 An measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 23 6.
---+Airteagal 23 7.

Airteagal 23 An measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1.
Leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní sainaithneofar ábhair imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de a chinneadh trí mheasúnú a dhéanamh ar leormhaitheas foriomlán an chórais leictreachais chun freastal ar éilimh reatha agus ar éilimh réamh-mheasta ar leibhéal an Aontais, leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal an chreasa tairisceana aonair, más ábhartha. Cumhdófar leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní gach bliain laistigh de thréimhse 10 mbliana ó dháta an mheasúnaithe sin.
Airteagal 23 2.
Is é ENTSO don Leictreachas a dhéanfaidh an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní.
Airteagal 23 3.
Faoin 5 Eanáir 2020, cuirfidh ENTSO don Leictreachas dréacht-mhodheolaíocht faoi bhráid an Ghrúpa Chomhordaithe Leictreachais arna bhunú le hAirteagal 1 de Chinneadh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012 ( 13 ) agus ACER don mheasúnú Eorpach ar leormaitheas acmhainní bunaithe ar na prionsabail dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo.
Airteagal 23 4.
Na sonraí atá de dhíth ó ENTSO don Leictreachas chun an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní a dhéanamh, tabharfaidh oibreoirí córas tarchurtha dó iad.

Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní ar bhonn bhliaintúil. Soláthróidh tairgeoirí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh sonraí d'oibreoirí córas tarchurtha maidir le húsáid ionchasach na n-acmhainní giniúna, agus aird á tabhairt ar infhaighteacht acmhainní príomha agus cásanna iomchuí den éileamh agus soláthar réamh-mheasta.

Airteagal 23 5.

Beidh an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní bunaithe ar mhodheolaíocht thrédhearcach lena n-áiritheofar go mbeidh na nithe seo a leanas i gceist leis an measúnú sin:

(a) 

go ndéanfar é ar gach leibhéal creasa tairisceana a chumhdaíonn ar a laghad gach Ballstát;

(b) 

go mbeidh sé bunaithe ar chásanna tagartha lárnacha den éileamh agus soláthar réamh-mheasta lena n-áirítear measúnú eacnamaíoch ar an dóchúlacht ar shócmhainní giniúna a dhíchoimisiúnú, a chur i leataobh, a thógáil as an nua agus bearta chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus idirnascadh leictreachais a bhaint amach agus íogaireacht oiriúnach a bhaint amach maidir le himeachtaí foircneacha aimsire, coinníollacha hidreolaíocha, praghsanna mórdhíola agus forbairt ar phraghsanna carbóin;

(c) 

go mbeidh ann cásanna ar leithligh ina léirítear dóchúlacht éagsúil na n-ábhar imní maidir le leormhaitheas giniúna ar ina leith a ceapadh cineálacha éagsúla sásraí acmhainneachta chun aghaidh a thabhairt orthu;

(d) 

go gcuirfear san áireamh go hiomchuí rannchuidiú na n-acmhainní uile, lena n-áirítear deiseanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, stóráil fuinnimh, comhtháthú earnálach, freagairt don éileamh, agus allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus an méid a rannchuidíonn siad le hoibriú solúbtha an chórais;

(e) 

go ndéanfar réamh-mheas ar an tionchar is dócha a bheidh ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(3);

(f) 

go gcuirfear san áireamh athróga gan na sásraí acmhainneachta atá ann faoi láthair nó atá pleanáilte agus, i gcás inarb infheidhme, le hathróga acmhainneachta den sórt sin;

(g) 

go mbeidh sé bunaithe ar shamhail mhargaidh ina n-úsáidtear an cur chuige bunaithe ar shreafaí, i gcás inarb infheidhme;

(h) 

go gcuirfear ríomhanna dóchúlaíocha i bhfeidhm leis;

(i) 

go gcuirfear uirlis mhúnlaithe aonair i bhfeidhm;

(j) 

go n-áireofar na táscairí seo a leanas ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 25:

— 
“an fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh”, agus
— 
“an t-ionchas caillte lóid”;
(k) 

go sainaithneofar ábhair imní a d'fhéadfadh a bheith ann ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, go háirithe an srianadh gréasáin nó srianadh acmhainní, nó srianadh ar an dá rud, atá i gceist.

(l) 

go dtabharfar aird ar fhíorfhorbairt líonra;

(m) 

go n-áiritheofar go gcuirfear san áireamh mar is cuí saintréithe náisiúnta na giniúna, solúbthacht éilimh agus stóráil fuinnimh, infhaighteacht acmhainní príomha agus leibhéal an idirnasctha.

Airteagal 23 6.

Faoin 5 Eanáir 2020, cuirfidh ENTSO don Leictreachas dréacht-mhodheolaíocht faoi bhráid ACER chun ríomh a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a) 

an luach ar chailliúint lóid;

(b) 

an “costas ar iontráil nua” don ghiniúint, nó don fhreagairt don éileamh; agus

(c) 

an caighdeán don iontaofacht dá dtagraítear in Airteagal 25.

Beidh an mhodheolaíocht bunaithe ar chritéir atá trédhearcach, oibiachtúil agus infhíoraithe.

Airteagal 23 7.
Na tograí faoi mhíreanna 3 agus 6 le haghaidh na dréacht-mhodheolaíochta, na gcásanna, na n-íogaireachtaí agus na dtoimhdí ar a bhfuil siad bunaithe, agus na torthaí ar an measúnú Eorpach leormhaitheasa acmhainní faoi mhír 4, beidh siad faoi réir comhairliúchán roimh ré leis na Ballstáit, leis an nGrúpa Comhordaithe Leictreachais agus le geallsealbhóirí ábhartha agus faoi réir fhormheas ACER faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 27.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.