+Airteagal 30 Cúraimí ENTSO don Leictreachas
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.

Airteagal 30 Cúraimí ENTSO don Leictreachas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.

I dtaca le ENTSO don Leictreachas, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

na cóid ghréasáin a fhorbairt sna réimsí a leagtar amach in Airteagal 59(1) agus (2) d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 28 a bhaint amach;

(b) 

plean forbartha gréasáin neamhcheangailteach Aontais 10 mbliana, (plean forbartha gréasáin Aontais), a ghlacadh agus a fhoilsiú gach 2 bhliain;

(c) 

tograí maidir leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní de bhun Airteagal 23 agus tograí maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann i sásra acmhainneachta de bhun Airteagal 26(11) a ullmhú agus a ghlacadh;

(d) 

moltaí maidir le comhordú an chomhair theicniúil idir oibreoirí córas tarchurtha san Aontas agus oibreoirí córas tarchurtha i dtríú tíortha a ghlacadh;

(e) 

creat a ghlacadh le haghaidh an chomhair agus an chomhardaithe idir na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;

(f) 

togra a ghlacadh lena sainítear an réigiún oibríochta córas i gcomhréir le hAirteagal 36;

(g) 

comhoibriú le hoibreoirí córas dáileacháin agus le heintiteas AE do OCDanna;

(h) 

digitiú na ngréasán tarchuir a chur chun cinn, lena n-áirítear eangacha cliste, fáil sonraí fíor-ama éifeachtúil agus córais méadrúcháin chliste a imlonnú;

(i) 

uirlisí coiteanna a ghlacadh d'oibriú an ghréasáin, lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar oibriú an ghréasáin i ngnáthdhálaí agus i ndálaí éigeandála, lena n-áirítear scála coiteann chun teagmhas a aicmiú, maille le pleananna taighde lena n-áirítear na pleananna sin a chur chun feidhme de bhíthin clár éifeachtúil taighde. Déanfaidh na huirlisí seo a shonrú, inter alia:

(i) 

an fhaisnéis, lena n-áirítear faisnéis iomchuí an chéad lae eile, ionlae agus fíorama, a bheadh úsáideach chun comhordú oibríochtúil a fheabhsú, chomh maith leis an minicíocht bharrmhaith le haghaidh an fhaisnéis sin a bhailiú agus a roinnt;

(ii) 

clár oibre teicneolaíochta le haghaidh faisnéis a mhalartú i bhfíoram agus i gcás inarb iomchuí, na hardáin teicneolaíochta le haghaidh an fhaisnéis eile dá dtagraítear i bpointe (i) a bhailiú, a phróiseáil agus a tharchur, agus chomh maith leis sin le haghaidh chur chun feidhme na nósanna imeachta atá in ann comhordú oibríochtúil idir na hoibreoirí córas tarchurtha a mhéadú d'fhonn go dtiocfaidh an comhordú sin i réim ar fud an Aontais;

(iii) 

an tslí a gcuireann oibreoirí córas tarchurtha an fhaisnéis oibríochtúil ar fáil d'oibreoirí eile córas tarchurtha nó d'aon eintiteas a bheidh sainordaithe go cuí chun tacú leo comhordú oibríochtúil a bhaint amach, agus do ACER; agus

(iv) 

go n-ainmneoidh na hoibreoirí córas tarchurtha pointe teagmhála a bheidh freagrach as fiosruithe a fhreagairt ó oibreoirí eile córas tarchurtha nó ó aon eintiteas eile a bheidh sainordaithe go cuí amhail dá dtagraítear i bpointe (iii), nó ó ACER lena mbaineann an fhaisnéis sin.

(j) 

clár oibre bliantúil a ghlacadh;

(k) 

rannchuidiú le ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bhunú chun rochtain a fháil ar shonraí faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2019/944;

(l) 

tuarascáil bhliantúil a ghlacadh;

(m) 

measúnaithe leormhaitheasa séasúracha a dhéanamh agus a ghlacadh de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2019/941;

(n) 

cibearshlándáil agus cosaint sonraí a chur chun cinn i gcomhar le húdaráis ábhartha agus le heintitis rialáilte;

(o) 

forbairt na freagartha don éileamh a chur san áireamh agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige.

Airteagal 30 2.
Déanfaidh ENTSO don Leictreachas tuarascáil a chur chuig ACER maidir le heasnaimh a sainaithníodh i dtaca le bunú agus feidhmíocht na Lárionad comhordúcháin réigiúnach.
Airteagal 30 3.
Foilseoidh ENTSO don Leictreachas miontuairiscí a chuid cruinnithe tionóil, boird agus coiste, agus coinneoidh sé eolas leis an bpobal ar bhonn rialta faoina chinnteoireacht agus faoina ghníomhaíochtaí.
Airteagal 30 4.
Is é a bheidh sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear i bpointe (j) de mhír 1 ná liosta de na cóid ghréasáin atá le hullmhú agus tuairisc orthu, plean maidir le comhordú oibriú an ghréasáin agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, a dhéanfar an bhliain sin, mar aon le féilire táscach.
Airteagal 30 5.
Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an fhaisnéis a éilíonn ACER a chur ar fáil do ACER chun a cúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 32(1). Chun go mbeidh ENTSO don Leictreachas in ann an ceanglas sin a chomhlíonadh, déanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha an fhaisnéis is gá a chur ar fáil.
Airteagal 30 6.
Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh ENTSO don Leictreachas a thuairimí don Choimisiún maidir le glacadh na dtreoirlínte de réir mar a leagtar síos in Airteagal 61.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.