+Airteagal 31 Comhairliúcháin
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
|
Airteagal 31 Comhairliúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Agus é ag ullmhú na dtograí de bhun na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 30(1), seolfaidh ENTSO don Leictreachas próiseas comhairliúcháin forleathan. Beidh an próiseas comhairliúcháin struchtúrtha ar bhealach chun freastal ar bharúlacha ó gheallsealbhóirí sula nglacfar go críochnaitheach é agus ar bhealach trédhearcach agus oscailte, ina n-áireofar na geallsealbhóirí ábhartha go léir, agus, go háirithe, na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar geallsealbhóirí den sórt sin, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29. Áireofar sa chomhairliúchán sin na húdaráis rialála agus údaráis náisiúnta eile, gnóthais soláthair agus giniúna, úsáideoirí córais, lena n-áirítear custaiméirí, oibreoirí córas dáileacháin, lena n-áirítear comhlachais tionsclaíocha ábhartha agus comhlachtaí teicniúla agus grúpaí de gheallsealbhóirí. Is é a bheidh mar aidhm aige ná tuairimí agus tograí na bpáirtithe ábhartha uile a shainaithint i rith an phróisis cinnteoireachta.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Poibleofar na doiciméid agus na miontuairiscí uile a bhaineann leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 31 3.
|
Sula nglacfaidh sé na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) tabharfaidh ENTSO don Leictreachas le fios conas a rinneadh na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin a chur san áireamh. I gcás nach mbeidh barúlacha curtha san áireamh, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|