+Airteagal 32 An faireachán a dhéanfaidh ACER
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.

Airteagal 32 An faireachán a dhéanfaidh ACER

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1.
Déanfaidh ACER faireachán ar fhorghníomhú chúraimí ENTSO don Leictreachas dá dtagraítear in Airteagal 30(1), (2) agus (3) agus tíolacfaidh sí a torthaí don Choimisiún.

Déanfaidh ACER faireachán ar an mbealach a ndéanann ENTSO don Leictreachas na cóid ghréasáin arna bhforbairt faoi Airteagal 59 a chur chun feidhme. I gcás ina mainneoidh ENTSO don Leictreachas na cóid ghréasáin sin a chur chun feidhme, iarrfaidh ACER ar ENTSO don Leictreachas míniú cuí-réasúnaithe a thabhairt faoin gcúis ar mhainnigh sí déanamh amhlaidh. Cuirfidh ACER an míniú sin in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh sí a tuairim ina leith.

Déanfaidh ACER faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún de réir mar a leagtar síos in Airteagal 58(1), agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme, arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú, agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.

Airteagal 32 2.
Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an dréachtphlean forbartha gréasáin Aontais, an dréachtchlár oibre bliantúil, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus na doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 30(1) a chur faoi bhráid ACER chun a tuairim a fháil.

Laistigh de thréimhse 2 mhí ón lá a bhfaighfear é, tabharfaidh ACER tuairim chuí-réasúnaithe, chomh maith le moltaí, do ENTSO don Leictreachas agus don Choimisiún, i gcás ina measfaidh sé nach rannchuideoidh an dréachtchlár oibre bliantúil nó an dréachtphlean forbartha gréasáin Aontais le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach nó le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh nó le leibhéal leordhóthanach idirnaisc trasteorann a bheidh oscailte do rochtain ag tríú páirtithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.