+Airteagal 34 Comhar réigiúnach idir na hoibreoirí córas tarchurtha
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.

Airteagal 34 Comhar réigiúnach idir na hoibreoirí córas tarchurtha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 34 1.
Bunóidh na hoibreoirí córas tarchurtha comhar réigiúnach laistigh de ENTSO don Leictreachas d'fhonn rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1), (2) agus (3). Déanfaidh siad, go háirithe, plean infheistíochta réigiúnach a fhoilsiú gach dara bliain agus féadfaidh siad cinntí infheistíochta a ghlacadh bunaithe ar an bplean infheistíochta réigiúnach sin. Cuirfidh ENTSO don Leictreachas comhar chun cinn idir oibreoirí córas tarchurtha ar an leibhéal réigiúnach lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht, cumarsáid agus faireachán sna réimsí sin nach bhfuil comhchuibhithe fós ar leibhéal an Aontais.
Airteagal 34 2.
Cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha socruithe oibríochtúla chun cinn d'fhonn an bainistiú is fearr ar an ngréasán a áirithiú agus déanfaidh siad forbairt malartuithe fuinnimh, leithdháileadh comhordaithe acmhainneachta trasteorann trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadhbhunaithe, agus aird chuí á tabhairt ar thuillteanais shonracha na gceantanna intuigthe do leithdháileadh gearrthéarmach, agus comhtháthú na sásraí um chomhardú agus um chumhacht chúltaca a chur chun cinn.
Airteagal 34 3.
Chun críocha na spriocanna a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún an limistéar geografach a chumhdaíonn gach struchtúr comhair réigiúnaigh a bhunú, ag féachaint do na struchtúir comhair réigiúnaigh atá ann cheana féin. Ceadófar do gach Ballstát comhar a chur chun cinn i níos mó ná limistéar geografach amháin.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 63, lena bhforlíontar an Rialachán seo, a bhaineann leis an limistéar geografach a bhunaíonn gach struchtúr comhair réigiúnaigh. Chuige sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na húdaráis rialála, le ACER agus le ENTSO don Leictreachas.

Ní dochar d'Airteagal 36 na gníomhartha tairmligthe dá dtagraítear sa mhír seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.