+Airteagal 37 Cúraimí na lárionad comhordúcháin réigiúnach
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 5.

Airteagal 37 Cúraimí na lárionad comhordúcháin réigiúnach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1.

Déanfaidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach ar a laghad na cúraimí uile a leanas a bhfuil ábharthacht réigiúnach ag gabháil leo laistigh den réigiún oibríochta córas ar fad ina bhfuil sé bunaithe, rud a leagtar amach go mionsonraithe in Iarscríbhinn I:

▼M2

(a) 

agus ríomh na hacmhainneachta comhordaithe á dhéanamh aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne maidir le leithdháileadh todhchaíochta acmhainneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1719, na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú agus na treoirlíne a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1222 agus na treoirlíne maidir le cothromú leictreachais a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2195;

▼B

(b) 

agus anailís slándála chomhordaithe á dhéanamh aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(c) 

agus samhlacha coiteanna eangaí á chruthú aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(d) 

agus é ag tacú leis an measúnú comhsheasmhachta ar phleananna cosanta agus ar phleananna don athbhunú atá ag oibreoirí córas tarchurtha i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa chód Gréasáin maidir le héigeandálaí agus athbhunú a glacadh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(e) 

agus réamhaisnéisí leormhaitheasa córas seachtaine roimh ré go lá roimh ré ar bhonn réigiúnach á dhéanamh aige agus é ag ullmhú le haghaidh gníomhaíochtaí laghdaithe riosca i gcomhréir leis an modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/941 agus leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa treoirlíne oibríochta córas a glacadh de bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh 174/2009;

(f) 

agus comhordú réigiúnach ar phleanáil ar éaradhá dhéanamh aige i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa treoirlíne oibríochta córas a glacadh de bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh 714/2009;

(g) 

agus oiliúint agus deimhniú foirne atá ag obair do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha á chur ar siúl aige;

(h) 

agus é ag tacú le comhordú agus optamú d'athbhunú réigiúnach de réir mar a iarrann oibreoirí córas tarchurtha;

(i) 

anailís agus tuairisciú iaroibrithe agus iarshuaite;

(j) 

socrú méide réigiúnaigh a dhéanamh ar acmhainneacht chúltaca;

(k) 

agus soláthar réigiúnach na hacmhainneachta don chothromú á éascú aige;

(l) 

agus é ag tacú le hoibreoirí córas tarchurtha, arna iarraidh sin dóibh, agus optamú á dhéanamh ar chúitimh idir oibreoirí córas tarchurtha;

(m) 

agus é ag déanamh cúraimí a bhaineann le cásanna réigiúnacha géarchéime leictreachais a shainaithint i gcás ina ndéantar, agus a mhéid a dhéantar, iad a tharmligean chuig na Lárionaid Comhordúcháin Réigiúnacha de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/941;

(n) 

cúraimí a bhaineann leis na tuartha séasúracha leormhaitheasa má dhéantar iad agus a mhéid a dhéantar iad a tharmligean chuig na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2019/941;

(o) 

luach na hacmhainneachta iontrála uasta a ríomh a bheidh ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí i sásraí acmhainneachta chun críocha moladh a eisiúint de bhun Airteagal 26(7).

(p) 

agus cúraimí a bhaineann le hoibreoirí tacaíochta córas tarchurtha a dheanamh chun riachtanais le haghaidh acmhainneacht tarchurtha nua a shainaithint, acmhainneacht tarchurtha atá ann cheana a uasghrádú, nó a gcuid roghanna malartacha, a chur faoi bhráid na ngrúpaí réigiúnacha arna mbunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus atá san áireamh sa phlean 10 mbliana maidir le forbairt gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.

Leagtar amach go mionsonraithe in Iarscríbhinn I na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 37 2.
Ar bhonn togra ón gCoimisiún Eorpach nó ó Bhallstáit, déanfaidh an Coiste, arna chur ar bun le hAirteagal 68 de Threoir (AE) 2019/944 tuairim a eisiúint ar chúraimí comhairleacha nua a shannadh do Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha. I gcás ina n-eisíonn an Coiste sin tuairim fhabhrach maidir le cúraimí comhairleacha nua a shannadh, déanfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na cúraimí sin a dhéanamh ar bhonn togra arna fhorbairt ag ENTSO don Leictreachas agus arna fhormheas ag ACER i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 27.
Airteagal 37 3.
Soláthróidh na hoibreoirí córais tarchurtha dá lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha pé eolas a bheidh de dhíth air chun a chuid feidhmeanna a chur i gcrích.
Airteagal 37 4.
Soláthróidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha do na hoibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córais pé eolas a bheidh de díth orthu chun na gníomhaíochtaí comhordaithe agus na moltaí arna eisiúint ag lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a chur chun feidhme.
Airteagal 37 5.
Maidir leis na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo agus nach bhfuil cumhdaithe cheana féin leis na cóid ghréasáin nó treoirlínte ábhartha, déanfaidh ENTSO don Leictreachas togra a fhorbairt i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 27. Déanfaidh na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na cúraimí sin a dhéanamh ar bhonn togra arna fhormheas ag ACER.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.